Tá deimhnithe, arís eile, ag an stáisiún Gaeilge TG4 gur ainm Gaeilge atá ar an stáisiún agus gur cóir ’T-G-Ceathair’ na Gaeilge a rá seachas ’T-G-Four’ an Bhéarla. Rinne lucht an stáisiúin an fógra ar an meáin shóisialta an uair seo mar fhreagra ar phlé a tosaíodh ar an gcuntas Twitter @Motherfocloir.
D’inis riarthóir na seachtaine seo ar an gcuntas sealaíochta, Éimear Duffy, scéal faoi a bheith i mbialann Shíneach inar chuala sí duine eile ag tagairt do ’T-G-Four’. Dúirt sí gur mheabhraigh sí a dhearmad dó, ach gur dhiúltaigh an fear glacadh le ceartfhuaimniú an ainm.
Lads.
— Motherfoclóir: The Legacy (@Motherfocloir) December 8, 2019
I'm actually still a bit shook tbh after a scenario last night.
As sober as you would be in a Chinese take away at 3am, I heard some lad call OUR NATIONAL TV STATION TG4
"TGFour"
I hit the roof. "IT'S TG CEATHAIR" says I.
"No." says he.
No.
D’eascair plé fada as an scéal ar Twitter. Bhíothas ann a mhaígh gur gnách le muintir an Tuaiscirt ’T-G-Four’ a thabhairt ar an stáisiún, daoine eile a dúirt gur bhraith sé ar an teanga a bhíothas a labhairt, daoine eile fós a mhaígh gur ardnósachas a bhí in úsáid an ainm Gaeilge, agus ar ndóigh daoine eile bhí go láidir den tuairim gur feall é ’T-G-Four’ a thabhairt ar TG4.
Ar deireadh, d’fhreagair cuntas oifigiúil TG4 féin an bunghiolc ó chuntas @Motherfocloir le deimhniú gur ’T-G-Ceathair’ an bealach ceart le hainm an stáisiúin a rá agus nár chóir ’T-G-Four’ a rá.
100% Is TG Ceathair atá ann go deimhin! Ní TG F@#$ https://t.co/PfhMXatG3o
— TG4TV (@TG4TV) December 9, 2019
Bíonn an deacracht céanna agus an stáisiún Breatnaise S4C — S-Pedwar-C — sa Bhreatain Bheag. Is minic a thugtar ’S-Four-C’ ar an stáisiún sin.