Chuaigh Gandalf, Bilbo agus a gcairde de léim ón leathanach go dtí an scáileán mór cheana féin, agus anois tá léim eile le tabhairt acu: go dtí an scáileán beag.
Tá sé fógartha ag Amazon go bhfuil na cearta teilifíse faighte acu – ar chostas $250 milliún – chun sraith iomlán nua a chruthú bunaithe ar The Lord of the Rings.
Beidh an tsraith, nach mbeidh ar fáil ach ar sheirbhís shruthaithe Amazon, suite sa tréimhse roimh an chéad leabhar den tríológ, The Fellowship of the Ring, agus tá féidearthacht sa chonradh go bhforbrófar seachshraith bhreise chomh maith.
Le tamall anuas tá Amazon ag iarraidh sraith a aimsiú a rachaidh in iomaíocht le leithéidí Game of Thrones agus leis an mhargadh nua corraitheach seo le hEastát JRR Tolkien fuair siad an lámh in uachtar ar sholáthróirí móra eile ar nós Netflix agus HBO.
“Tá lúcháir orainn gurb é Amazon, a bhfuil tiomantas don litríocht léirithe acu le fada, a rachaidh i mbun an chéad sraith ilshéasúir theilifíse de The Lord Of The Rings,” arsa Matt Galsor ó Eastát Tolkien.
“Tá smaointe den scoth ag an fhoireann i Stiúideonna Amazon maidir le scéalta ó dhomhan J.R.R. Tolkien nár fiosraíodh go fóill a thabhairt chun scáileáin.”
Beidh súil in airde ag an phobal i dtaca leis an tsraith nua go háirithe agus barr feabhais, agus rath dá réir, bainte amach ag scannáin Peter Jackson 15 bliain ó shin.
Bhí dúshlán ollmhór roimh Jackson clú na leabhar is ansa leis na milliúin a dhéanamh agus a chur ar scáileán ach d’éirigh leis agus ghnóthaigh na trí scannán beagnach $6 billiún ar fud an domhain, mar aon le 17 gradam Oscar.
Tá an dúshlán céanna anois roimh shraith Amazon… go n-éirí leo ar a n-eachtra!