Léirmheas: ‘Crá’ le Doireann Ní Chorragáin & Richie Conroy

Lig dom an radharc a shocrú. An Clochán Liath, príomhshráid amháin, trí shiopa, agus an rud is mó aithne faoin áit ná an músaem in ómós do Daniel O’Donnell. Tá a fhios agam cad atá á smaoineamh agat; áit iontach do shraith rúndiamhra dúnmharaithe. Bhuel, fiú mura bhfuil tú, is léir go raibh an smaoineamh sin ag cruthaitheoirí Crá (2024).

Éist, tá a fhios agam go bhfuil mé déanach ag scríobh léirmheasa, tháinig sé amach in 2024, ach go hiondúil bím ag scríobh píosaí mór le rá ar lucht tionchair sa Ghaelsféar. Is dócha gur fíor-iriseoireacht é seo, rud a léiríonn go bhfuil ionracas ag baint le mo chuid scríbhneoireachta. Sin ráite, geallaim daoibh go mbeidh mé ar ais ar top form, ag clúmhilleadh nó ag scaipeadh ráflaí mar a dhéanaimse sa chéad phíosa eile.

Níl mé cinnte cad leis a raibh mé ag súil don chlár seo, rud ar bith mór, agus tá sé sin i gceist gan aon chion ar TG4 agus ar na daoine a bhí páirteach i gcruthú na sraithe. Ach caithfidh mé a admháil gur amharc mé ar an tsraith iomlán in aon lá amháin.

Roinnt mioneolais fúm: bhí mé ar dhuine de na saoithíní is mó i mo rang Staidéar na Meán don TGM agus Ard-Leibhéal. Ní hamháin go raibh mé ag amharc ar an noir Bhreatnais Cheilteach, Hinterland, i mBéarla, ach trí mheán na Breatnaise go díreach mar bhí mé i mo shaoithín. Ansin, le linn na dianghlasála d’éirigh mé gafa le Scandi noir. Cláracha agus scannáin sa tSualainnis, sa Danmhairgis, agus san Ioruais (teanga a bhfuil teip orm í a thuiscint le breis agus trí bliana ar Duolingo anois). Mar sin de, is féidir leat a rá go raibh mé ar bís faoi sheó noir Ceilteach a bhí lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill.

Chloígh na cruthaitheoirí go foirfe le seánra dúrún dúnmharaithe na bpóilíní; suíomh iargúlta, póilín corrach mar phríomhcharachtar leis na deamhain agus na cnámharlaigh i bhfolach sa chófra, dúnmharú a tharla i bhfad ó shin. Clár a bhféadfadh cé-a-rinne-é foirfe a thabhairt air. 

B’fhéidir go mbeifeá ag smaoineamh, tá sé seo díreach cosúil le haon dráma coireachta póilíneachta eile a chonaic mé ar an BBC. Mícheart. Mícheart ar dhá thaobh, tá easpa Jimmy Nesbitt (cé gur dócha go bhféadfaí a mhaíomh gur rud maith é seo) agus é scríofa trí mheán na Gaeilge. Is é an chéad chlár Gaeilge é le sliotán príomh-ama a fháil ar BBC NI, (gabh sa choirnéal, Normal People).

Theastaigh ó Ciarán Charles, léiritheoir Fíbín Films, é a dhéanamh úr agus neamhghnách, dhá fhocal nach mbaineann le ceantar Ghaoth Dobhair de ghnáth. Focail nach mbeadh in úsáid ag aon duine a bhí i láthair ag aon oíche amuigh sa CLG nó sa Dodge ar aon chor. Is í Carraig na nGall an suíomh oifigiúil, leagan ficsin den pharóiste is mó i nGaoth Dobhair ina labhraítear Gaeilge.

Ach nascann an dráma sé pháirt na rúndiamhra dúnmharaithe agus téamaí seanaimseartha le greann dubh agus ábhar comhaimseartha. Is léir nach mbeadh aon seó scríofa in Éirinn ná na sé chontae críochnaithe gan trácht beag bídeach ar sceimhlitheoireacht atá nasctha leis an IRA ar bhealach modartha.

(Creidmheas: TG4)

Tig dráma an tseó chun solais nuair a aimsíonn an Garda Barry Roche (Alex Murphy ó The Young Offenders) corp an ealaíontóra Ghearmánaigh Sabine Uí Shúilleabháin i bportach in aice leis an bhaile. Coincheap thar a bheith uathúil, tá a fhios agam, ach fan liom. Méadaíonn an plota mar tá mac Sabine, Conall (Dónall Ó Héalaí) i gceannas ar fhórsa póilíneachta an bhaile bhig. Ar ndóigh tá cosc ar Chonall a bheith mar chuid den fhiosrúchán, ach ní chuireann sin bac air ó bheith ag cuardach ceartais.

Is iomaí cor agus casadh i ngach eipeasóid, tá rúin ag gach baile beag agus bíonn gach duine sa bhaile ina sealgaire caillí. Cé a mharaigh Sabine? Tháinig amhras difriúil chun cinn i ngach eagrán, an é athair Chonaill, Art (léirigh Barry McGovern a ról go maith, bhí an ghráin agam ar a charachtar faoi dheireadh na sraithe)? An é tiománaí Airt, Ray (Niall Mac Eachmharcaigh — ní féidir leat tosú a shamhlú na rúin atá aige)? B’fhéidir gurbh í an Cigire Patsy Sweeney (Tara Breathnach), nó ar uairibh bhí mé ag in amhras faoi Chonall féin.

I measc na gcarachtar eile tá an t-iriseoir óg Ciara-Kate (Hannah Brady) atá ag fiosrú an scéil don iris fhicseanúil Sligo Voice, ag tochailt gan náire timpeall an cháis agus í ag súil go mbeidh sé chomh scannalach le sraith phodchraoltaí. Caithfidh mé a admháil gur chuir sí isteach go mór orm ach creidim gurb é sin sprioc na gceannléirítheoirí lena carachtar.

Tá carachtar eile, Ronan, á léiriú go sármhaith ag Seán T. Ó Meallaigh as Dún na nGall ó dhúchas. Is cosúil nach féidir liom féachaint ar dhráma Gaeilge gan é a bheith ann. Tá sé in Doineann (2021), Róise & Frank (2022), Froggie (2024), Aontas (2025) agus níos mó. An chéad uair a chonaic mé ceann dena thograí ná a léiriú in Seacht gCéad Uaireadóir (2011). Chuir sé drithlíní eagla orm — mholfainn go mór é. Is cuma salachar atá aige ar léiritheoirí TG4 agus BBC Gaeilge, ach sheas sé amach sna trí chlár a raibh sé iontu.

Caithfidh mé a rá go raibh sé aisteach na radharcanna céanna a fheiceáil a bhfuil aithne mhaith agam orthu ó shamhraí agus laethanta saoire scoile a chaith mé i dTír Chonaill i gcaitheamh na mblianta. An t-óstán tréigthe The Aston ar an Bhun Beag á úsáid mar chúlra i radharc lán teannais idir Conall agus a spéis grá Annemarie. Rabhadh millte scéil!!

Léirithe ag Fíbín Media agus Zoogon do TG4 agus BBC Gaeilge, le buiséad beag bídeach, tugann gach aisteoir léiriú den scoth. Agus iad ag tosú amach go mall, agus ag leanúint ar aghaidh leis an luas mhall a léiríonn an tslí mhaireachtála sa bhaile, tugann na haisteoirí agus na snáitheanna scéil an rúndiamhair dúnmharaithe seo chun beochta.

Is é Dún na nGall réalta an chláir áfach, é ag gol faoi spéartha sclátaí liatha agus gathanna na gréine ag soilsiú tríd na scamaill, tonnta ag tuairteáil ar charraigeacha, agus sléibhte ag ardú i gcéin. Is eiseamláir é agus – sin agus an Ghaeilge – ardaíonn sé an tsraith seo i ndáiríre go rud maith ar fiú amharc air.

SCÉALTA EILE