Love/Hate ar Xbox?



Nuair a tháinig Love/Hate chun críche ag deireadh na bliana seo caite, d’fhág sé bearna ollmhór in oíche Dhomhnaigh ag go leor againn.

Tá sé cothrom le rá nach raibh a leithéid de shraith teilifíse ar RTÉ riamh a thuill an méid céanna suime fud fad na tíre mar é, agus níorbh fhada go raibh ráflaí le cloisteáil go mbeadh an dráma ar ais ar ár scáileáin ag pointe éigin amach anseo.

Ach seans go mbeidh faoiseamh ann duit, más ‘cluichire’ thú, ar a laghad.

Tá feachtas Kickstarter ag Corcaíoch, Glenn McGarry, atá ag iarracht teacht ar go leor urraíochta chun cluiche ríomhaire a chruthú bunaithe ar an dráma coire.

Tugtar cur síos ar conas a thosódh an cluiche fiú, díreach ag an phointe a chríochnaigh an clár deireanach anuraidh.

“Tosaíonn an cluiche ag an chlár deireanach. Feictear Nidge ina luí i linn fola mar a theitheann Patrick leis. Cloistear scread na mbonnán mar a bhrostaíonn na Gardaí chuig an láthair.

“Tagtar ar Nidge agus Siobhán agus tógtar chun na hotharlainne iad láithreach. Sáraithe le fearg agus mian díoltais air, tosaíonn Nidge ar phleananna chun aiséirí… agus mar a chinneann Patrick agus Fran an beart deiridh a dhéanamh, seasfaidh Nidge an fód.”

Tá €50,000 á lorg ag McGarry chun tabhairt faoin chluiche, agus níl rud ar bith ráite aige maidir le cé acu ardán, Xbox nó Playstation, ar a mbeadh sé ar fáil.

Faraor, cé gur tosaíodh an feachtas cúpla lá ó shin, níl oiread agus cent rua faighte aige go fóillín, le sprioc i mí Aibreáin 2015.

Cé gur iontach an smaoineamh é cineál de GTA: Baile Átha Cliath a bheith againn, ní cosúil go bhfuil na hacmhainní ann i láthair na huaire!

Is féidir an feachtas Kickstarter a fheiceáil (nó cúpla Euro a thabhairt dó fiú?) anseo.

SCÉALTA EILE