Bhreathnaigh 491,000 duine ar Chluiche Ceannais Peile na mBan ar TG4 Dé Domhnaigh seo caite, de réir figiúirí féachana atá curtha ar fáil ag TAM Ireland. Bhí 30.6% de lucht féachana na teilifíse in Éirinn ag breathnú ar an gcluiche ceannais a imríodh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Domhnaigh. Bhí 204,900 ag breathnú ar an gcluiche ar an meán ach bhí uasmhéid 279,800 duine ag breathnú ar TG4 agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín á thabhairt leo ag mná na Mí den dara huair as a chéile.
Ní in Éirinn amháin a bhíothas ag breathnú ar an cluiche peile idir Ciarraí agus an Mhí ach i 50 tír ar fud an domhain trí sheinnteoir TG4. Bhí an cluiche á shruthú thar lear ag 14,000 duine ar shuíomh idirlín an stáisiúin Gaeilge chomh maith le 20,000 anseo in Éirinn. Bhí os cionn 46,000 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar an lá freisin, laghdú ar líon na ndaoine a bhí i láthair in 2021.
“Mo bhuíochas ó chroí leis na contaetha ar fad, Loch Garman agus Ciarraí go háirithe, a throid go dtí an deireadh i gcaitheamh na Craoibhe an séasúr seo, comhghairdeas le Laois agus leis an Mí agus táim ag súil go mór le ath-imirt Aontroma agus Fhear Manach a bheidh á chraoladh beo ar TG4. Gabhaimid buíochas ar leith leis an slua ollmhór a thaistil chuig na Cluichí Ceannais as gach cearn d’Éirinn.
“Tá Contae na Mí ach go háirithe mar eiseamláir do chontaetha eile maidir le cén chaoi slua tacaíochta ollmhór a chothú don LGFA sa dá inscne agus ag gach aois. Is moladh an-mhór don chontae ar fad é, an léiriú de ‘fandom’ na Mí a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh.Dé Domhnaigh craoladh an 22ú heagrán de Chraobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan, stair uathúil de spórt a mhionlaigh an sochaí á chur chun cinn ag meán teanga a mhionlaigh an stát. Ag seasamh go comhfhiosach le chéile táimid ag fás le chéile. Faoin am a bhainimid 50 bliain den LGFA amach in 2024, tá súil againn go mbeimid go léir níos faide ar an mbóthar i dtreo fíor chomhionannais deiseanna do Pheil Ghaelach na mBan agus do na meáin Ghaeilge,” a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont.