Lucht féachana is mó fós ag TG4

Thuill an clúdach ar Chluiche Ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile an lucht féachana ab airde riamh do chlár aonair ar TG4 ó bunaíodh é, de réir na dtorthaí ó TAM Ireland, an miosúr oifigiúil teilifíse.

D’fhéach 621,000 ar bhua Átha Cliath ar Chiarraí sa chluiche sin, beagnach beirt as gach cúigear (38%) den lucht féachana iomlán teilifíse in Éirinn lena linn.

Is curiarracht iad na torthaí féachana sin araon.

Agus beochraoladh TG4 ar imeachtaí iomlána na hiarnóna san áireamh, d’fhéach beagnach 3/4 milliúin duine (739,000) ar an aicsean imeartha agus oirfide i bPáirc an Chrócaigh inné – an Cluiche Ceannais i Roinn 2 (Tír Eoghain v An Cabhán), taispeántas taibhsiúil comórtha Laochra, agus Cluiche Ceannais Roinn 1.

Go deimhin, bhí an fhéachaint teilifíse ar Laochra chomh hard sin go bhfuil áit bainte amach aige sin freisin ar an liosta den 10 gclár is airde féachana riamh ar TG4.

image eile

Rinne an cainéal beochraoladh cuimsitheach ar chluichí ceannais na Sraithe Peile ó Pháirc an Chrócaigh arís i mbliana mar go raibh Cluichí Ceannais Roinn 3 agus Roinn 4 ar fáil ar TG4 ar an Satharn.

Dúirt Pól Ó Gallchóir, Ardstiúrthóir TG4, gur cúis áthais iad na figiúirí féachana.

“Bhí a fhios againn go mbeadh an-éileamh ag an phobal féachana teilifíse ar ár mbeochraoladh ó Pháirc an Chrócaigh inné,” a dúirt sé, “ach is iontach ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna torthaí ó TAM Ireland.

“Is iomaí clár agus mír chomórtha craolta againn le tamall anuas agus bhí an ardfhéachaint teilifíse seo tuillte go maith ag an pheil agus ag an taispeántas iontach a chuir Laochra inár láthair,” ar sé.

SCÉALTA EILE