Meallta ag ‘Deutschland 83’

Meallta ag an scéal, an aisteoireacht agus fuaimrian bríomhar na n80í, is sraithdhráma é ‘Deutschland 83’ a thugann léiriú spéisiúil ar thréimhse chorraitheach sa stair aus ar fiú súil a chaitheamh air, dar le Méabh Ní Thuathaláin


Sraithdhráma spleodrach é Deutschland 83 a craoladh ar RTÉ le déanaí (agus atá fós ar Channel 4) a leanann eachtraí spiaire óig as Oirthear na Gearmáine go ceannáras míleata Iarthar Bheirlín le linn tréimhse ardteannais sa Chogadh Fuar.

Martin (Jonas Nay) ceann feadhna an dráma 8 gcuid seo atá suite sa bhliain 1983, tráth a raibh Beirlín agus an Ghearmáin roinnte idir an tOirthear, a bhí faoi smacht na Sóivéadach, agus an tIarthar, a bhí i lámha Chomhghuaillithe an Iarthair.

Cothaíonn bagairt an chogaidh núicléach teannas leanúnach sa dráma agus léirítear go han-mhaith an t-amhras a d’fhás idir an dá thaobh le linn an ama sin.

Titeann slánú an Oirthir agus an domhain ar ghuaillí Martin, fear óg as an Oirthear, agus cuirtear iallach air caipín saighdiúra de chuid Arm Iarthar na Gearmáine a chur air agus gníomhú faoi cheilt mar bhrathadóir an KGB.

Idir dhílseacht agus ghrá dá thír agus dá mháthair, déanann sé an beart.

Anois faoin ainm Moritz Stamm, cúntóir ardcheannaire le hArm Iarthar na Gearmáine, tá ar Martin faisnéis a bhailiú faoina bhfuil beartaithe ag an Iarthar agus ag ECAT (NATO).

Is iomaí dúshlán atá ar Stamm a shárú san Iarthar, go háirithe gan mórán de chur amach aige ar an chultúr agus is minic a shaol faoi cheilt i mbaol.

Ar an rud is fearr faoi Deutshland 83 ná an léiriú a thugann sé ar an saol ar an dá thaobh den bhalla, gan breithiúnas a dhéanamh ar cé acu ab fhearr.

Cuirtear saoirse an Iarthair in iúl i bhfoirm ceoil, walkmans, bia d’achan sórt agus caidrimh chollaíochta le mná áille.

Jonas Nay

Cé go gcothaítear íomhánna láidre den Oirthear leis na hoifigí faisnéise, fir na gcótaí móra, an chinsireacht a bhí i réim agus an saol faoi rún, tá tarraingtí ar leith faoi, mar atá an stíl chúláilte kitch – a bhfuil an-tóir anois air.

Cuireann fuaimrian spleodrach éirí amach an ama – amhráin mhóra New Order, Queen, Bowie srl. – go mór leis an chumha i ndiaidh an tseansaoil.

Ar an rud is suntasaí, is baile Martin é an tOirthear agus baile s’againne é mar sin, agus is furasta bá nádúrtha a bheith agat leis.

Ní i gcónaí a éiríonn le Deutschland 83 clíséanna a sheachaint agus seans gurb é sin ceann de na cúiseanna nach raibh an oiread ratha air sa Ghearmáin.

Tá sé ráite ag an bheirt taobh thaobh den tsraith, ar fear agus bean chéile iad – an t-úrscéalaí Meiriceánach Anna Winger agus léiritheoir teilifíse Gearmánach Joerg Winger – gur iarracht a bhí ann léargas fírinneach a thabhairt ar an tréimhse, ó thaobh na staire, na polaitíochta agus an chultúir de.

Rinneadh taighde cuimsitheach le saineolaithe ar an dá thaobh den Ghearmáin agus an scéal á chruthú, agus tá sé ráite ag Jonas (Martin) go bhfuair sé traenáil ón iarchomhairleoir míleata, Steffen Meier, a bhí gníomhach in Arm Iarthar na Gearmáine aimsir an Chogaidh Fhuair.

Fiú agus na figiúirí féachana a bheith íseal go leor sa Ghearmáin, is seoid í Deutshland 83 don chainéal Gearmánach RLA agus í ar an chéad sraith sa Ghearmáinis le margadh idirnáisiúnta a bhaint amach.

Tá caint ann cheana féin faoi Deutschland 86 agus Deutschland 89, a thabharfaidh muid suas go dtí an bhliain ar thit balla Bheirlín.

Beidh an popcorn réidh agam go cinnte!

SCÉALTA EILE