Miss Sloane agus scoth na teilifíse don deireadh seachtaine

Dé hAoine 6 Nollaig

Paris : A Wild Story — 19:30 RTÉ 2 Ep 1

Tá aithne againn uilig ar ardchathair na Fraince mar lárionad faisin, ealaíne agus ailtireachta, ach tá os cionn 3,000 speiceas fhiáine ina gcónaí i gCathair na Soilse. Tabhrann an tsraith úr seo léargas dúinn ar na hainmhithe a mhaireann le muintir na cathrach, a saol, agus an dóigh a gcuardaíonn siad bia, foscaidh, agus grá sa chathair is rómánsúla ar domhan.

Dé Sathairn 7 Nollaig 

Miss Sloane  — 21:25 RTÉ 2

Scannán a chuireann easpa reachtaíochta ar rialú gunnaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun cinn. Tá Jessica Chastain sa phríomhról agus í ag troid in éadan na ngrúpaí móra stocaireachta agus na taicticí salacha a bhíonn in úsáid acu, agus an snámh in aghaidh easa a bhíonn roimh ghnáthdhuine atá ag iarraidh athrú maith a chur i bhfeidhm. 

Dé Domhnaigh 8 Nollaig

Elizabeth is Missing — 9.00 BBC Two

Bunaithe ar sár-leabhar (atá léite agam féin) faoi bhean atá ag maireachtáil le néaltrú. Glacann an príomhcharactar Maud nóiseán go bhfuil a cara Elizabeth ar iarraidh. Bíonn sí ag streachailt le cuimhne a choinneáil ar na leidí a fhaigheann sí faoi caidé a tharla, agus í faoi bhrú cás a réiteach nuair nach gcreideann duine ar bith í. 

Leide do chustaiméirí Eir

Más custaiméir Eir thú, tá tú i dteideal dhá mhí dhéag de Amazon Prime Video saor in aisce! Má tá tú tinn de na roghanna ar Netflix, tá go leor scannán agus cláracha teilifíse ar fáíl cosúil leis na sraitheanna ardmholta Fleabag, Grey’s Anatomy, agus Downton Abbey, a baineadh de Netflix le gairid.

Fiosraigh do chás anseo.

SCÉALTA EILE