Anocht ag 10in ar TG4 craolfar an chéad chlár sa tsraith nua ‘Mná an Cheoil’, a dhéanann ceiliúradh ar theacht chun cinn na mban i saol an cheoil thraidisiúnta.
Sa tsraith 6 chuid seo, a léirigh Sonas Productions, tugtar léargas ar oidhreacht na mban sa cheol traidisiúnta a bhaineann le sé uirlis cheoil ar leith.
Trí shúile cheoltóirí mná ár linne a insítear an scéal seo agus beidh scoth an cheoil le cloisteáil uathu.
Ina measc siúd a bheidh i mbun ceoil agus cainte, beidh Brighid Ní Ghabhra, as Gleann Cholm Cille i nDún na nGall, sárbhoscadóir atá i mbun ceoil ó 1930; mná Macalla (thíos), Aoife agus Deirdre Granville, fifeadóirí an Daingin; Muireann Nic Amhlaidh, Máiread Ní Mhaonaigh, Edel Fox, na deirfiúracha ceolmhara Louise agus Michelle Mulcahy (thuas) agus go leor leor eile!
Sa lá atá inniu, tá cleachtadh againn ar mhná a fheiceáil ar an stáitse ach léirítear sa tsraith seo nach amhlaidh a bhí i gcónaí.
Déantar scagadh ar na cúiseanna nach raibh mná chomh feiceálach sin i saol an cheoil agus léirítear gur éirigh le corrbhean briseadh tríd a dhéanamh.
Insítear scéal leithéidí Rose Mooney, an t-aon bhanchruitire i measc na bhfear ag Féile na gCruitirí Bhéal Feirste 1792; Bridget Kenny, ‘Banríon na bhFidléirí’, a raibh a hainm in airde ag tús an chéid seo caite; agus Ann ‘Ma’ McNulty, ceann feadhna The McNulty Family, banna a bhain clú agus cáil amach i Meiriceá sna 1930í.
Scéal mhná na cruite atá faoi chaibidil sa chéad chlár.
Is spéisiúil gur uirlis í an chruit a samhlaíodh le fir ba mhó in aimsir na n-uaisle Gaelacha ach gur tháinig athrú ar an scéal ó d’éag an traidisiún cruitireachta.
Léirítear sa chlár seo an ról ceannródaíoch a bhí ag mná ar nós Róisín Uí Thuama, Máirín Feiritéar agus Gráinne Yeats san athbheochan a rinneadh ar an uirlis sna 50í agus cluintear ceol ó chruitirí den scoth sa lá inniu, amhail Michelle Mulcahy, Laoise Kelly, Elaine Hogan, Aibhlín McCrann agus níos mó.
Bígí ag súil le scoth an cheoil ó thús deiridh… na mná abú!
Déanfar clár #1 a chraoladh arís Déardaoin seo chugainn ag 8in ar TG4.