Ní i bPáirc an Chrócaigh amháin a raibh curiarracht lucht leanúna á beartú inné mar go ndeimhníonn na torthaí ón mhiosúr oifigiúil gur bhain TG4 na figiúirí féachana is airde amach arís do Chluiche Ceannais Peile na mBan.
Bhí beagán le cois 34,000 i láthair i bPáirc an Chrócaigh inné don chluiche mór idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath, an líon ab airde riamh i stair an Chumainn.
Tuairiscíonn miosúr Nielsen ar maidin gur fhéach 235,000 duine ar an meán ar an gCluiche Ceannais Sinsear, inar thug mná cumasacha Chorcaí an Chraobh leo den 6ú uair as a chéile.
D’fhéach beagnach 500,000 duine ar chuid éigin den chluiche sin agus bhí beagnach 27% den lucht féachana náisiúnta teilifíse in Éirinn lena linn tiúnáilte ar TG4.
Tá na miosúir sin ar fad díreach ar chomh-leibhéal leis na figiúirí féachana is airde a thuill TG4 don chluiche seo ó thosaigh sé á bheochraoladh 16 bliana ó shin.
Chuir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, fáilte mhór roimh na figiúirí féachana, ag rá gur cruthúnas eile iad ar bhuntáistí leanúnacha na comhpháirtíochta idir an craoltóir Gaeilge agus Cumann Peil Gael na mBan.