Moladh mar is ceart do ‘Fleabag’ ar deireadh

Tá aiféala orm gur chaill mé Fleabag nuair a craoladh an clár den chéad uair cúpla bliain ó shin. Is dócha gur thug mé sracfhéachaint air, nó gur chuala mé trácht air, ach go ndearna mé neamhaird air toisc gur mheas mé gur clár do mhná, agus do mhná amháin, a bhí ann. 

Bhí dul amú orm. Le bliain anuas, cuireadh Fleabag — clár grinn faoi bhean óg atá ag streachailt le deacrachtaí an tsaoil i Londain — ar Amazon Prime, agus thar oíche bhí sé i mbéal an phobail: thaitin sé go mór linn nuair a labhair Fleabag (an príomhcharachtar — ní thugtar a hainm ceart riamh) go díreach leis an gceamara, chuaigh greann an chláir agus ionracas na mná óige go mór i bhfeidhm orainn, agus cheap muid ar fad go raibh rud éigin speisialta faoin gcaidreamh idir Fleabag agus an “sagart gnéasach”. (Tá rud éigin ann.) 

Thosaigh muintir Mheiriceá á thabhairt faoi deara, agus go tobann bhí Twitterati na Stát gafa le Fleabag agus a himeachtaí éagsúla. Briseadh ár gcroíthe nuair a d’fhógair Phoebe Waller Bridge, a chum agus a chruthaigh an clár, gurb é an séasúr is déanaí an séasúr deireanach 00 is cosúil nach bhfeicfidh muid Fleabag arís go deo. Rinneadh ceiliúradh ar Fleabag an deireadh seachtaine seo caite, nuair a bhuaigh an clár sé Emmy — an clár grinn is fearr agus an t-aisteoir is fearr ina measc.

Cé go raibh díomá orm tar éis dó Waller Bridge críoch Fleabag a fhógairt, tuigim a cinneadh — tá an séasúr a chuaigh tharainn ar cheann des na séasúir theilifíse is fearr dá bhfaca riamh. Níorbh fhéidir é a shárú, agus níorbh fhiú iarracht a dhéanamh.

Phléasc an dara séasúr le troid — Fleabag ag cur fola i leithreas bialainne — ach insíonn sí dúinn gur “scéal grá” atá ann. 

Tá na mílte colún scríofa faoin méid a thit amach ina dhiaidh, nuair a chasann sagart óg ar Fleabag, agus ní mhillfidh mé oraibh é. Mo chomhairle oraibh — téigí agus breathnaigí air.

Tá idir shúgradh agus dáiríre ann, idir ghreann agus tragóid. Tá an aisteoireacht thar cionn, dochreidte amantaí, agus fanann an chéad chlár den séasúr, ina fheiceann muid Fleabag agus a muintir ag baint taitnimh as béile i mbialann, liom i gcónaí. Bhí ríméad orm nuair a bhuaigh an clár áirithe sin an Emmy den scríbhneoireacht is fearr.

Tá díomá orm liom féin nár bhac mé le Fleabag toisc gur cheap mé nach mbainfinn taitneamh as “clár mná”. Oscailt súl ab ea é sin dom, agus ceacht gur cheart dom mo shúile a oscailt níos minice do rudaí nua. Fuair Fleabag na duaiseanna ar fad aréir, ach tá an moladh tuillte aici. Agus ní fhéachfaidh mé ar bhosca faoistine arís go deo ar an gcaoi céanna. 

SCÉALTA EILE