Mura bhfaca tú GBBO go dtí seo tá ganntanas mór i do shaol

Mura bhfaca tú oiread is eipeasóid amháin den Great British Bake-Off go dtí seo, in ainm Dé agus Mháire Ní Bhéara, cad é atá á dhéanamh agat le do shaol?

Admhaím gur tháinig mise déanach chuig an gcóisir bhácála cúpla bliain ó shin nuair a bhí an tsraith cúig bliana ar an bhfód. Mel agus Sue a bhí á cur i láthair, á moladh ag banríon na gcácaí í féin, Mary Berry, agus fós ar an BBC. Bhlais mé mo chéad shlisne den chlár milis croíúil seo agus rinne mé craos air ó tús deireadh. Anois, táim gafa leis agus ní féidir le héinne a rá liom nach bhfuil mo thóir ar an mbeadaíocht áirithe seo sláintiúil.

Tháinig an chlár is ansa liom ar ais don deichiú séasúr aréir (Channel 4, 20:00 – 21:30) agus shílfí ón mbís a bhí orm gur tháinig an Nollaig luath. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh an Puball Bácála sin a fheiceáil ar ár scáileáin arís.

Is cuma do chlaonadh polaitiúil nó creidimh – measaim gur féidir linn ar fad aontú go bhfuil éiginnteacht agus roinnt mhaith éadóchais le braith sa lá atá inniu ann. Is é Bake-Off an faoiseamh, an íocshláinte, an fhrithnimh ar aon bhuairt atá ort sa saol — seans nach mairfidh sé ach do chaitheamh an chláir ach nach bhfuil uair go leith de shos tuillte againn ar fad ó nuacht an Bhreatimeachta gach oíche Máirt, ar a laghad? 

Seans go gceapann sibh gur ag déanamh áibhéile atá mé, ach fan soicind go leaga mé oideas mo theoirice amach agus a mheascadh le chéile mar is ceart.

Daoibh siúd nach bhfuil an féirín blasta seo i bhur saol agaibh (go fóill, tá súil agam!), cad is GBBO ann, pé scéal é? Tá sé fíorshimplí, i ndáiríre. Glacann grúpa de bháicéirí baile páirt sa seó teilifíse seo thar dheich seachtaine, agus tugann siad faoi thrí dhúshlán gach seachtain — bácáil aitheantais (nó signature bake), an dúshlán teicniúil agus an bhailbhácáil (nó showstopper). 

Cuirteann Noel Fielding agus Sandi Toksvig an seó i láthair agus déanann Paul Hollywood agus Prue Leith an mholtóireacht. Cuirtear báicéir as an áireamh gach seachtain, téann triúr in iomaíocht lena chéile don bhua ar an eipeasóid dheireanach, agus is ag duine den triúir a bheidh an chraobh ar deireadh.

Níl sa bhua ach teideal. Léigh tú i gceart é sin. Cinnte, faightear seastán deas cáca agus bláthanna agus iomrá agus féinmhuinín i scileanna bácála faoi dheireadh. I gcás dream beag, faighean siad gig láithreoireachta nó conradh leabhair — ach ag deireadh an lae, níl sa bhua ach teideal amháin agus áit ar leabhair staire na mbáicéirí. Ní ar mhaithe le clú agus cáil atá sé seo —sin an draíocht a bhaineann le Bake-Off domsa.

Ní bhíonn scéal truamhéalach ag gach iomaitheoir cosúil leis X-Factor. Níl gach duine ciarlomtha, le colainn ghriandaite agus fiacla bána foirfe cosúil le Love Island. Níl gach duine geal agus óg agus caol. Níl bitseachas ar bith le braith idir iomaitheoirí cosúil le RuPaul’s DragRaceAmerica’s Next Top Model. Níl ann ach gnáthdhaoine. Fíordhaoine le gnáthshaolta agus gnáthphoist — tiomaithe leoraí, mic léinn, mná tí, dearthóirí faisin, tréidlianna, freastlaithe, múinteoirí. Tagann siad ó gach cúlra, creideamh, aoisghrúpa, dath craicinn, blas cainte agus gnéaschlaonadh. Tá trí rud i gcoitinne acu — grá don bhácáil, meas agus dóchas dá chéile agus dúil mhór sa Great British Bake-Off, dar ndóigh. 

Bhreathnaigh mé ar an gcéad eagrán den tsraith nua aréir agus ríméad orm, ach mo chroí im bhéal agam — ní milis a bhíonn sé i gcónaí! An gcuirfear a saothair i gcrích in am? An mbeidh an cáca róthe leis an reoán a scaipeadh i gceart air? An mbeidh sé ámh? An mbeidh sé róspiosrúil? An bhfaighfidh siad croitheadh láimhe Hollywood, a bhfuil clú agus cáil air? An mbeidh siad ag caoineadh ar scáileán, ag déanamh iontais go bhfuil siad ag gol ar mhaithe le cáca? An bhfuilim in ann don bhriseadh croí ag an deireadh nuair a fhágfar slán le hiomaitheoir amháin? Ní hiomaitheoirí atá iontu a thuilleadh, is cara anois iad nach mbeidh an deis acu an spraoi a leanúint leis an gcuid eile den ghang. Oh muise, nílim ábalta!

Sin an rud is áille faoi Bake-Off. Níl siad i ndáiríre in iomaíocht lena chéile, ach leo féin. Tá siad ann ar mhaithe le féinmhuinín a spreagadh iontu féin, le cairdeas a dhéanamh, lena gcuid scileanna a chur i láthair agus le meangadh gáire a chur ar aghaidh gach éinne a bhreathnaíonn ar an gclár. 

Tuigeann siad féin an sonas a chruthaíonn an clár agus an céiliúradh a dhéantar ar ghnáthdhaoine sa ghnáthshaol. Sa lá atá inniu ann, d’fhéadfaimis níos measa dhéanamh ná sampla GBBO a leanúint inár saol féin.

Léiríonn an clár dúinn gur féidir le gach cineál duine maireachtáil le chéile go síochánta gan fhuath. Tugann sé mórtas ar ais dúinn as an gcine daonna. Ní dhéantar tagairt don pholaitíocht, do chine, d’inscne nó do chalraí. A leithéid d’fhaoiseamh. 

Feicimid cumhacht an imeartais focal — an t-aon eachtra macnasach go bhféadfadh tarlú ar an seó ná leathfhocail ag tagairt do “thóineacha báite” nó do “bhorróga dheasa”, nó an ceann is fearr liom go dtí seo ón gclár aréir “You’ve done a great job on your fairy garden” – tá alt sa mhéid sin don Chailín sa Chathair, shamhlóinn!

Idir an dá linn, bígí ag faire, laghdaígí an strus, ithigí an cáca, agus bígí cineálta dá chéile. 

SCÉALTA EILE