Na 10 gclár ba mhó ar TG4 in 2014

Léiríonn figiúirí ó TG4 gurbh í an tráchtaireacht bheo ar chluichí rugbaí agus CLG a bhain an lucht féachana ba mhó amach don stáisiún anuraidh.

I measc na gcéad deich gclár leis an scór féachana ba mhó, bhí clúdach beo ar dhá chluiche rugbaí, seacht gcluiche CLG idir chluichí ceannais, leathcheannais agus cheathrú ceannais san iomáint agus sa pheil, agus cluiche ceannais Pheil na mBan.

Ar an chlár ba mhó féachaint, bhí an cluiche rugbaí PRO 12 idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean, cath na gcúigí inar tháinig Laighin amach chun tosaigh a craoladh Dé Sathairn, 29 Márta 2014.

Ar an uasphointe, tharraing TG4 771,000 duine chun breathnú ar an chluiche ar feadh nóiméad amháin ar a laghad.

Níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir bhí an 310,000 duine – an meán lucht féachana a bhí ag féachaint ar an chlár ó thús deiridh.

Spéisiúil chomh maith ná an 19.7% a thagraíonn don sciar lucht féachana a bhain an clár amach.

Ó thaobh na ndaoine a bhí ag amharc ar an teilifís an tráthnóna sin, bhí duine as cúigear ag féachaint ar TG4.

Sa dara háit ansin, bhí clúdach TG4 ar an chluiche ceannais sa tsraith iománaíochta, a craoladh Dé Domhnaigh, 4 Bealtaine.

Cluiche idir Cill Cheannaigh agus Tiobraid Árann a bhain meán lucht féachana de 250,000 duine amach agus a mheall níos mó ná duine as gach ceathrar (26.4%) go TG4.

Tháinig clúdach beo TG4 ar an chluiche leathcheannais sraithe sa pheil, idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh, chun tosaigh ar aon chluiche peile eile anuraidh le meán scór féachana de 229,000 duine.

Ba dhea-scéal iad na figiúirí do Pheil na mBan Beo a tharraing meán lucht féachana de 190,000 duine le breathnú ar Chluiche Ceannais Sinsir na hÉireann, duine as gach cúigear a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am sin.

TG4-Barr-10


Léigh faoi na cláir Ghaeilge is mó ar TG4, seachas spórt, anseo.

SCÉALTA EILE