Na 10 gClár Gaeilge ba mhó ar TG4 anuraidh

Ní féidir na figiúirí a shéanadh, tá rath ar an cheol tíre!

Bhí na cláir cheol tíre ‘Opry an Iúir’ agus ‘Glór Tíre’ ar na chéad cheithre chlár Gaeilge ba mhó tóir ar TG4 anuraidh.

Ar an chlár Gaeilge ba mhó féachaint bhí Opry an Iúir, le Philomena Begley, clár ón tríú sraith a craoladh ag 10.30in ar Lá Fhéile Pádraig.

Ag an am is fearr, mealladh lucht féachana de 152,000 chuig an chlár.
Bhain sé meán lucht féachana de 118,000 amach, rud a chiallaíonn go raibh níos mó ná duine amháin as gach deichniúr a bhí ag breathnú ar an teilifís ag caitheamh súile ar TG4 ag an am.

Is sraith choirmeacha ceoil í Opry an Iúir, a taifeadadh i sean-Halla an Bhaile in Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin, agus í ar cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuill lucht féachana riamh ar TG4.

Ó thaobh leanúnachais de, ba í an tsraith a théann sa tóir ar thallann i saol an cheoil tíre ‘Glór Tíre’ ba rathúla, le ceithre chlár luaite i measc na 10 gclár Gaeilge ba mhó in 2014.

I measc na gclár Gaeilge eile a rinne an beart don stáisiún anuraidh, bhí ceolchoirm bheo ‘Séamas Begley agus Cairde’, a tharraing meán scór féachana maith de 89,000 do TG4 ar Lá Fhéile Stiofáin agus an clár faisnéise ‘Liam Clancy, mo chara’, a bhain meán lucht féachana de 89,000 don stáisiún ar Lá Nollag.

fleadh-tv

Ar na cláir eile a bhí san áireamh sa chéad 10 gclár Gaeilge, bhí ‘Fleadh TV’ – clúdach beo ar Fleadh Cheoil na hÉireann’, an fhéile thraidisiúnta is mó sa tír, agus ‘Laochra Gael’, sraith faisnéise faoi phearsaí móra an Chumainn Lúthchleas Gaeil.

Ba é clár faoi laochra iomána na gCat, Eddie Brennan, an ceann ba mhó sa tsraith anuraidh, fear a bhfuil ocht mbonn uile Éireann san iománaíocht aige do Chill Chainnigh.

Drámaíocht

Cé gur spéisiúil iad na figiúirí, ní thugann siad mórán le fios faoin phatrún féachana ar TG4 ná faoin éagsúlacht clár i sceideal an stáisiún.

Anuraidh, tharraing drámaí, cláracha siamsaíochta agus cláracha faisnéise lucht féachana suntasach.

I measc na ndrámaí, ba iad ‘Áille an Uafáis‘, scannán-dráma faisnéise faoi Éirí Amach na Cásca, agus ‘An Bronntanas‘, sraith drámaíochta 5 chuid suite i gConamara ab fhearr do TG4.

Mealladh duine as gach scór chun breathnú ar Áille an Uafáis, a bhain meán lucht féachana de 69,000 duine.

Gar ina dhiaidh, bhí an chéad chlár de An Bronntanas a bhain meán lucht féachana de 56,000.

Agus ar ndóigh bhí Rós na Rún ar liosta na ndrámaí chomh maith – d’éirigh le clár a craoladh ar 30 Meán Fómhair an cúigiú áit a bhaint amach sa rannóg drámaíocht le meán lucht féachana de 47,000.

Figiúirí:

figiuiri-tg4


An tseachtain seo caite, léirigh muid gur cláracha spóirt iad na cinn is mó ráchairt a craoladh ar TG4 anuraidh.

SCÉALTA EILE