Léirigh muid an tseachtain seo caite gurbh iad cláracha spóirt (CLG ach go háirithe) a mheall an lucht féachana ba mhó do TG4 le linn 2015. Seo anois na 10 gclár is mó ó sheánraí eile agus ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid.
As na 10 gclár a bhain áit amach ag barr liosta féachana na gclár Gaeilge (le hábhar nó láithriú trí mheán na Gaeilge) ar TG4 do 2015, ba iad cláir cheoil bheo agus cláir fhaisnéise cheoil a tháinig isteach sa chéad ocht n-áit.
Amuigh chun tosaigh bhí clár ceoil tíre speisialta de chuid Opry an Iúir a cheiliúir 50 bliain de Breandán Shine, Brendan Shine @ 50, ar laoch mór i ndomhan an cheoil tíre é.
Tharraing an clár uair an chloig seo, a craoladh ar Oíche Chinn Bliana, 8.8% den lucht féachana a bhí ar fáil ag an am i dtreo an stáisiúin Ghaeilge.
Bhí toradh maith ar chinneadh ciallmhar an clár faisnéise Liam Clancy, Mo Chara a athchraoladh, clár a tháinig isteach ag uimhir a 2 ar liosta féachana 2015 agus atá tar éis an beart a dhéanamh do TG4 am na Nollag dhá bhliain as a chéile.
In 2014 d’éirigh leis an chlár faoin deartháir Clancy ba mhó cáil meán lucht féachana de 89,000 a bhaint amach, bíodh is go raibh iomaíocht ghéar aige Lá Nollag ó Mrs. Brown’s Boys, a chraol RTÉ One ag an am céanna.
Sáraíodh figiúirí féachana 2014 nuair a craoladh an clár in athuair, tráth ar tharraing sé 109,000 duine le bheith ag breathnú air.
Léiríonn Faoi Gheasa ag The Quite Man – clár faisnéise eile a athchraoladh anuraidh agus a tháinig isteach ag uimhir 9 ar an liosta féachana i mbliana – go seasann scéalta láidre i gcónaí agus gur mealladh maith iad don stáisiún.
Níl amhras ar bith ach go bhfuil Fleadh TV ag cur le hiomrá TG4, ceithre chlár ardfhuinnimh bheo a thug leo gradam IFTA don ‘Ócáid Bheo is Fearr Craolta 2015’ agus a bhain uimhir 5 amach ar liosta féachana na gclár Gaeilge i mbliana.
Tá trí cinn as na ceithre chlár Fleadh TV a rinneamh – arb ionann iad agus 9 n-uaire teilifíse de chlúdach beo ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach – i measc na gcúig chlár ceoil traidisiúnta ba rathúla.
Mealladh sciar lucht féachana de 4.7%-5.9% go TG4 le breathnú ar an tráchtaireacht bheo Ghaeilge trí oíche as a chéile thar dheireadh seachtaine na fleidhe anuraidh.
Is fiú a rá gur thuill ócáidí beo eile, mórchomórtas an Oireachtais Steip na nÓg agus Gradam Ceoil TG4, lucht féachana suntasach don stáisiún chomh maith.
I measc na gclár faisnéise, bhí ceol, stair, scéalta polaitiúla agus scéalta áitiúla faoi chaibidil.
Cé go ndeachaigh Mairéad Farrell: Comhrá nár chríochnaigh an-ghar go deo don bharr 10 – scéal faoi Mhairéad Farrell ar dhúnmharaigh an SAS í in éineacht le beirt chomhalta eile den IRA i nGiobráltar sa bhliain 1988 – ba é Matt Cunningham: Rí na Seite an t-aon chlár faisnéise nua le háit a bhaint amach sna 10 gclár ba mhó féachana.
Ó thaobh na drámaíochta de, ba é An Klondike an buaicphointe i sceideal an stáisiúin anuraidh.
55,0000 an meán lucht féachana a bhain aistear na ndeartháireacha Connolly amach, comhartha maith do Eipic, sraithdhráma nua a bheas ag tosú Déardaoin 4 Feabhra.
Na 10 gClár Gaeilge ba mhó ar TG4 in 2015 (seachas spórt & scannáin Bhéarla):
1. Opry an Iúir – Brendan Shine @ 50
2. Liam Clancy, Mo Chara
3. Glór Tíre
4. Matt Cunningham, Rí na Seite
5. Fleadh TV 2015
6. Glór Tíre
7. Daniel agus Mná an Cheoil Tíre
8. Glór Tíre
9. Faoi Gheasa ag The Quiet Man
10. Súil Siar Steip na nÓg 2014
Beidh stiúrthóir Eipic, Louise Ní Fhiannachta, ag labhairt linn gan mhoill faoin tsraith úr – coinnigh súil ar na leathanaigh seo!