Na bóithre á ngiorrú ag beirt ar TG4 arís

Beidh an tsraith iomráiteach teilifíse Turas Bóthair ag filleadh ar an scáileán beag an tseachtain seo agus sé chlár bríomhaire le craoladh chuile Dhéardaoin as seo go deireadh na míosa seo chugainn. 

Bhí an-tóir ar an gcéad sraith den chlár, a craoladh anuraidh, inar cuireadh ceamaraí beag i gcarranna ar fud na hÉireann le “cúléisteacht” a dhéanamh ar na comhráite a bhíonn ar siúl idir tiománaithe agus a bpaisinéirí. 

Ar cheart go n-íocfaí imreoirí CLG? An bhfuil sé in am an raithneach a dhéanamh dleathach? Cén tuairim atá ag muintir na hÉireann faoi Donald Trump, taibhsí, rothaithe, faisin agus róbait? Pléifear na hábhair sin agus tuilleadh nach iad sna sé chlár a chraolfar ar TG4. 

“Lúchair, brón, greann agus tragóid, grá agus briseadh croí, cairdeas agus rómánsaíocht” atá geallta dúinn ag lucht déanta na sraithe agus iniúchadh ar “réimse leathan ábhar” — an grá, caidrimh, gnéas, teicneolaíocht, drugaí, tinneas agus go leor leor eile. 

Ar na haíonna a ghlac páirt i sraith na bliana seo, bhí Aoife agus Méabh atá ag roinnt tí i mBéal Feirste, Eoin agus Dáithí, a imríonn peil leis na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, na deirfiúracha Eilín agus Maureen as Ciarraí, Muiris agus Gabriel, cairde scoile as Ciarraí freisin, agus Sally agus Bríd, múinteoirí scoile i nDún na nGall. 

Rinneadh an taifeadadh don tsraith ar fud na tíre, i dTír Chonaill, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí, Aontroim, Gaillimh agus Contae an Dúin. 

Craolfar an chéad eagrán den tsraith nua tráthnóna amárach ar TG4 ag 20.00 agus beidh athchraoladh ann Dé Máirt ag 17.30.  

SCÉALTA EILE