Tá sé á rá agam le fada gur iomaí cosúlacht atá ag an gcarr leis an mbosca faoistine.
Bhí post agam cúpla bliain ó shin ina raibh roinnt mhaith tiomána i gceist, agus chuir sé iontas na gile orm i gcónaí na scéalta a thiocfadh amach ó bhéal mo phaisinéirí le linn na dturas a chloisteáil.
Ní chloisfeá a leithéid riamh i gceaintín na hoifige nó i suíomh ar bith eile. Is spás ar leith é cábán an chairr, a bhfuil draíocht éigin ann a spreagann macántacht gan srian.
Thuig mo thuismitheoirí é seo go maith, agus nuair a bhíos níos óige bhí sé de nós acu fanacht go dtí go raibh turas le déanamh againn sula gcuirfidís cibé cheist chasta a bhí le cíoradh. Mar sin, ní bheadh deis ar bith éalaithe ar fáil dom, agus gan an dara rogha agam ach éisteacht lena raibh le rá acu agus freagra macánta a thabhairt.
Is dócha gur aithin léiritheoirí Turas Bóthair an draíocht cheannann chéanna nuair a thángadar aníos le coincheap an chláir, agus geallaim daoibh go bhfuil na comhráití a thiteann amach ar an scáileán i bhfad níos spéisiúla – agus spraíúla – ná an íde bhéil a d’fhaighinn i bPeugot mo mhuintire fadó!
Dála mo thuismitheoirí féin, cuireann rannpháirtithe an chláir ceisteanna móra an tsaoil faoi bhráid na bpaisinéirí; idir an áit ab aistí ar bhuail siad craiceann le duine agus bhagairt, nach beag, an Tríú Cogadh Domhanda.
Cloistear tuairimí na bpaisinéirí faoin tslí a ndeachaigh siad i ngleic leis an saol faoi shrianta Covid-19, agus mar a chuaigh an saol sin i bhfeidhm orthu. Bhí ceann de fhreagraí na ceiste sin ar an ráiteas ab fhíre dár chuala mé riamh.
“Tá mo chloigeann scaoilte amuigh anseo ag an Covid 19…bíonn tú ag feitheamh go dtí go dtiocfaidh an tríú chogadh domhanda mar, d’athródh sé sin an nuacht!”.
Áimeán, a chara.
As na ceisteanna ar fad a pléadh sa chlár, bhí ceist amháin i mo chloigeann an bealach ar fad tríd na tríocha nóiméad, ar dheacair dom freagra a fháil air – dá mbeadh rogha agamsa bheith ar an turas in éindí leo – cén bheirt ar mhaith liom síob a fháil uathu?
B’fhéidir i dtacsaí Grace, bean a bhfuil gaois agus greann go smior inti, ach ar an taobh eile, is deacair an chraic i gcarr Alannah agus Cara a shárú!
Is beag ionadh gur éirigh chomh maith le séasúr a haon den chlár iontach seo, a bhfuil meascán maith den dáiríreacht agus den gháirí ann agus carachtair den scoth ó gach cearn den tír.
Théis an chéad chláir den séasúr is deireanaí a fheiceáil, is féidir liom a rá go húdarásach nach bhfuil an draíocht caillte acu go fóill agus gur clár taitneamhach, éadrom, aoibhinn é seo a chuirfidh gáire agus machnamh ort.
Tá an clár déanta go cumasach ag Waddel Media agus TG4, sa tslí nach mothaíonn tú fiú gur sa bhaile ag breathnú ar theilifís atá tú ar chor ar bith, ach gur paisinéir atá ionat féin, ar aistear i dteannta cairde maithe.
In am nach bhfuil seans ann dúinn go fóill – casadh lenar gcairde sa bhfíorshaol, coinneoidh Turas Bóthair ag dul muid, go dtí go mbeimid i gcomhluadar a chéile arís.