Níl aon phlean ag Netflix ábhar Gaeilge a chruthú

Níl sé i gceist ag an gcomhlacht sruthaithe cláracha ná scannán i nGaeilge a chruthú faoi láthair. Thug urlabhraí de chuid an chomhlachta le fios do NÓS an tseachtain seo nach bhfuil aon phlean agus acu ábhar i nGaeilge a chruthú mar a éilítear in achainí a scaipeadh ar líne an tseachtain seo caite.  

Ní hamháin sin ach dúirt Netflix nach raibh a chuid fíricí i gceart ag an té a thosaigh an achainí, Cormac Mac Réamainn, nuair a mhaígh sé nach bhfuil aon ábhar nua Éireannach cruthaithe ag Netflix.  

Dúirt Cormac, mac léinn i mBaile Átha Cliath, go bhfuil ábhar cruthaithe ag Netflix atá lonnaithe i mbeagnach  gach tír ina bhfuil an tseirbhís ar fáil, ach nach bhfuil aon ábhar Éireannach, gan chaint ar ábhar Gaeilge, cruthaithe acu go fóill. 

Bhréagnaigh Netlfix a mhaíomh agus thug le fios go bhfuil roinnt Netflix Originals déanta ag an gcomhlacht in Éirinn, ina measc The Siege of Jadotville, Nightlyers, Flinch, agus an clár faisnéise a eisíodh i mbliana faoin slad a rinneadh ar an Miami Showband le linn na dTrioblóidí.  

“Tá cead ag Netflix freisin éagsúlacht leathan cláracha agus scannán eile a rinneadh in Éirinn a thaispeáint, ina measc Maze, Cardboard Gangsters, Michael Inside, The Hardy Bucks, Damo & Ivor, The Young Offenders, Black 47, The 34th agus Derry Girls,”  a dúirt an t-urlabhraí. 

Maidir le hábhar i nGaeilge, áfach, dúirt an t-urlabhraí le NÓS nach bhfuil “aon phlean ag Netflix ábhar sa Ghaeilge a chruthú faoi láthair”. 

Tá breis agus 1,800 duine tar éis a n-ainm a chur leis an achainí ar Change.org cheana féin. 

Faoi láthair, níl aon chlár ná scannán i nGaeilge ar fáil ar Netflix, cé go bhfuil leagan Béarla den tsraith iomráiteach An Klondike, faoin teideal Dominion Creek. Nuair a thairg stiúrthóir na sraithe, Dathaí Keane, an rogha idir fotheidealú agus dubáil do Netflix, ghlac an comhlacht leis an leagan dubáilte. 

Dúirt Cormac Mac Réamainn ina achainí gur mhaith leis “ábhar Éireannach, agus a fhormhór i dteanga oifigiúil na tíre, an Ghaeilge”. 

“Tá 6.5 milliún duine ina gcónaí in Éirinn, agus tá 36.9 milliún Gael-Mheiriceánach ann freisin. Is cinnte go mbeadh tóir ar ábhar Gaeilge [ar Netflix]. Agus Brexit ag druidim linn, luífeadh sé le réasún dá scarfaí Netflix Ireland ó Netflix UK agus dá ndéanfaí aonad ar leith as. Dhíreodh sé sin tuilleadh airde ar ábhar Gaeilge, in áit ábhar Béarla, a chur ar fáil,” a scríobh Cormac.

Seoladh Netflix in Éirinn in 2012 agus tá fáil ar an tseirbhís in 130 tír ar fud an domhain anois. Is minic a bhuann cláracha agus scannáin a chraoltar den chéad uair ar an tseirbhís gradaim mhóra idirnáisiúnta. 

SCÉALTA EILE