Ó YouTube go TG4


Labhair NÓS leis an bheirt láithreoirí óga, Éadaoin Nic Mhuiris agus Caoimhe Ní Chathail, atá taobh thiar den chainéal YouTube Gaeilge ‘Tusa Tube’ faoina sraith úrnua a chraolfar ar TG4. Agus chuir siad físeán speisialta le chéile dúinn chomh maith!


Faoi láthair, tá Éadaoin Nic Mhuiris agus Caoimhe Ní Chathail, a tháinig i réim ar an chainéal YouTube ‘Tusa Tube’, i mbun taifeadta dá sraith úrnua WAC a bheas á craoladh ar TG4 san fhómhar.

Le breis agus coicís de scannánú déanta, deir Caoimhe gur fíorú aislinge don bheirt é sraith teilifíse don stáisiún Gaeilge a chur i láthair.

“Seo an bhrionglóid a bhí againn ón tús,” arsa bean Leitir Ceanainn.

“Bhí muid go mór ag iarraidh a bheith inár láithreoirí teilifíse agus bheith ag obair le TG4.”

Craobhchomórtas ainmhithe atá i gceist le WAC, bunaithe ar mhúnla shraith rathúil de chuid ABC na hAstráile a sheasann do na túslitreacha ‘World Animal Championships’.

Dírithe ar pháistí naoi mbliana d’aois, cuirtear ainmhithe do gach cineál i gcomórtas lena chéile le linn na sraithe.

Mar a bheadh Pinky and the Brain ann is díséad greannmhar iad Éadaoin agus Caoimhe a bhfuil carachtair ar leith acu.

“Tá mise mar a bheadh duine dúr ann agus is í Caoimhe an duine cliste agus tá orm go leor ceisteanna a chur uirthi le fáil amach faoi na hainmhithe – tá go leor eolais ann ach ábhar grinn chomh maith,” arsa Éadaoin, arb as an Inbhear Mór di.

Tá físeáin á gcur le chéile agus á bhfoilsiú go rialta ar Tusa Tube acu faoina bhfuil ar siúl ar an seit.

Is cairde ollscoile iad Caoimhe agus Éadaoin atá i lár céimeanna cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Thosaigh siad an cainéal Gaeilge ar líne Tusa Tube i mí Aibreáin seo caite agus iad ag iarraidh “bealach nuálach” a aimsiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“D’aithin muid go raibh bearna sa mhargadh agus deis mhaith ann cainéal Gaeilge a chur ar bun mar go bhfuil an oiread forbartha déanta ar YouTube,” arsa Éadaoin.

Ar an chéad bhlag a foilsíodh ar Tusa Tube, bhí tuairisc ar Lá na Gaeilge i mBéal Feirste anuraidh agus tá físeáin go leor déanta ó shin de na cailíní gealgháireacha seo agus iad i mbun spraoi.

Níorbh fada a gcainéal féin ar an fhód gur tharraing siad aird an chomhlachta léiriúcháin Macalla Teoranta – an dream taobh thiar den mhórscannán Gaeilge Amhrán na Mara a bheas sna pictiúrlanna Dé hAoine seo, 10 Iúil.

Agus b’shin an tús.

Admhaíonn an bheirt acu go mbeidh sé aisteach dóibh filleadh ar an seomra ranga san fhómhar i ndiaidh dóibh “an post samhraidh is fearr dá bhfuil ann” a fháil.

“Ba bhreá linn a bheith ag obair le TG4 amach anseo agus ár seó féin a bheith againn dírithe ar cheol agus ar dhaoine ar chomhaois linn,” a mhínigh Caoimhe.

Is féidir súil a choinneáil ar a bhfuil ar siúl ag Éadaoin agus Caoimhe agus iad ag tuairisciú ar imeachtaí Gaelacha agus i mbun spraoi ar a gcainéal Tusa Tube le linn na bliana.

Agus ná déan dearmad go mbeidh WAC le feiceáil ar TG4 san fhómhar.

SCÉALTA EILE