Oidhreacht Ghaelach Trump á cíoradh i gclár nua faisnéise

Inseofar scéal mháthair Donald Trump, Màiri Anna NicLeòid, cainteoir dúchais Gàidhlig as Leòdhas in Albain, sa chlár nua faisnéise Máthair Trump a bheidh á chraoladh ar TG4 an mhí seo chugainn. 

Cé go n-aithnítear Uachtarán na Stát Aontaithe as ainm a athar, an fear gnó Fred Trump, is beag eolais atá ag an bpobal ar an taobh eile dá theaghlach — an chraobh Ghaelach den chrann ginealaigh.

Chuaigh an t-iriseoir Síle Nic Con Aonaigh go Leòdhas in Inse Gall ar thóir scéal na mná óige a d’fhág a dúchas Gaelach ina diaidh le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá sa gcéad leath den chéad seo caite. 

Rugadh máthair Trump san oileán Gaeltachta sa mbliain 1912 ach chuaigh ar an mbád bán go Meiriceá nuair a bhí sí 18, phós athair an Uachtaráin nuair a bhí sí 24 agus bhain saoránacht Mheiriceá amach nuair a bhí sí 30 bliain d’aois. Leantar an t-aistear seo sa gclár, agus agallaimh ann le muintir Leòdhais agus Meiriceánaigh araon. 

Cíortar an tionchar a bhí ag a mháthair ar Donald Trump ón uair a bhí sé ina bhuachaill beag go dtí an lá a toghadh ina uachtarán ar Mheiriceá é in 2016. Go deimhin, bhí Bíobla a thug an mháthair dá mac faoina lámh agus an mhóid a thabhairt aige in Washington nuair a insealbhaíodh é i mí Eanáir 2017. 

Idir Leòdhas, New York agus Washington féin, tabharfar léargas ar an gclár ar shaol an inimircigh i Meiriceá, ar oidhreacht Ghaelach an Uachtaráin agus ar scéal cailín óig Albanaigh. 

Craolfar Máthair Trump ar TG4 ag 21.30 ar an 11 Nollaig.

SCÉALTA EILE