Oidhreacht Pheig le cíoradh ar TG4 anocht

Cíorfaidh iarcholúnaí siamsaíochta NÓS, Sinéad Ní Uallacháin, oidhreacht Pheig Sayers ar chlár nua ar TG4 anocht. Beidh Sinéad, ar as Gaeltacht Chorca Dhuibhne í, ag féachaint ar shaol agus oidhreacht na mná Gaeltachta a d’fhág rian mór ar phobal na hÉireann sa dara leath den chéad seo caite mar gheall ar a leabhar cáiliúil a bhí ar shiollabas na hArdteistiméireachta.

Cé nach raibh leabhar Pheig ar an siollabas céanna le beagnach 30 bliain anuas, is minic a luaitear fós í agus plé á dhéanamh ar cheist na teanga ar na meáin Bhéarla. Rachaidh Sinéad Ní Uallacháin “ar aistear” chun scéal Pheig i gcomhthéacs an lae inniu a fhiosrú agus í ag iarraidh a fháil amach “an bhfuil meon na tíre athraithe blianta fada tar éis dá leabhar a bheith ar shiollabas na hArdteiste”. 

“N’fheadar ar thuig Peig riamh go mbeimis fós ag caint an oiread sin uirthi sa bhliain 2021? Do bhean a d’inis a scéal féin agus a thug uaithi a cuid scéalta go fial, ní dóigh go bhfuil an míchlú a luaitear léi tuillte aici. Tá níos mó ag baint leis an mbean seo, mar atá fachta amaach agam, agus mé ar m’aistear pearsanta le haithne níos fearr a chur uirthi,” a dúirt Sinéad.

Buailfidh Sinéad le réimse leathan daoine ar an gclár, idir shaineolaithe ar bhéaloideas na hÉireann, dhaoine as ceantar dúchais Pheig féin, agus fiú daoine ar nós Sharon Granahan a bhfuil tatú de Pheig ar a lámh. Tá dán nua cumtha ag Nuala Ní Dhomhnaill faoi Pheig Sayers don chlár.  

Tá súil ag Sinéad léargas a thabhairt don lucht féachana ar “cérbh í Peig” agus deireadh a chur leis an meon diúltach atá coitianta i measc an phobail Béarla a “dhíbirt”.

Craolfar Peig anocht, an 10 Márta, ar TG4 ag 21.30.

SCÉALTA EILE