Première spreagúil greannmhar ‘An Ghig Mhór’

“Is sraith shiamsúil úrnua í An Ghig Mhór a dhéanann ceiliúradh ar an lúcháir a bhaineann bannaí as a gcéad ghig a chur ar siúl ina mbaile féin,” a deir Ochtó4 Productions faoin chlár teilifíse ceoil a thosaigh Dé Luain an 9 Meitheamh.

Sa tsraith seo, feicfear amhránaithe mór le rá de chuid na hÉireann ag tabhairt lámh chuidithe do cheoltóirí óga agus bannaí nua ar mhaith leo an stáitse a bhualadh agus Páirc an Chrócaigh a dhíol amach. Roimhe sin áfach, b’fhearr i bhfad gig mhór ina mbaile dúchais féin. Sin áit a dtagann an clár isteach…

Tacóidh na meantóirí seo, mar atá Eve Belle, Krea, Tebi Rex, Rónán Ó Snodaigh agus John Spillane, leis an phróiseas ar fad — ionad a chur in áirithe, bolscaireacht a dhéanamh don ghig agus, faoi dheireadh, na ticéid a dhíol.

Grianghraf: The Donnys. (Creidmheas: Ochtó4 Productions/RTÉ)

Craoladh an chéad eipeasóid den tsraith oíche Luain, eipeasóid inar tháinig an t-amhránaí is scríbhneoir as Corcaigh John Spillane i gceannas ar bhanna rac-cheoil déanta de bhuachaillí óga, The Donnys. Luann John sa chlár gur thosaigh sé a chéad ghrúpa ceoil agus é 16 bliain d’aois agus go bhfuil sé ag dul don cheol ar bhonn lánaimseartha le 43 bliain anois.

Tá The Donnys — Ethan, Drenno, Niall agus Eoghan — lonnaithe i gCill Chainnigh agus tá siad ag casadh amhrán i stíl na 70idí le cúpla bliain anuas. Is breá leo Led Zeppelin, Thin Lizzy, agus “glórmhar” is é an focal a ritheann le daoine nuair a luaitear an banna.

Taispeántar físeán ceoil de chuid The Donnys do John agus deir sé go gcuireann na leaideanna óga Rory Gallagher i gcuimhne dó chomh maith lena chéad bhanna ceoil féin Bootlace.

Ba ghreannmhar an rud é laoch ceoil ar nós John Spillane a fheiceáil ag iarraidh comhairle a chur ar na buachaillí óga seo, agus na buachaillí céanna ag déanamh neamhaird de. Nuair a mholann John an t-ionad Cleere’s, ní cheapann an banna go bhfuil an áit mór go leor. B’fhearr le John póstair a thabhairt do dhaoine atá amuigh ag siúl, deir na gasúir nach bhfeicfidh a dtacaithe iad óir feiceann siad gach rud a bhaineann leo ar líne.

Grianghraf: Hannah B & Eve Belle. (Creidmheas: Ochtó4 Productions/RTÉ)

Faoi dheireadh, áfach, tá an banna agus John ar aon intinn. Tá siad ag scaipeadh na bpóstaer, tá na ticéid á ndíol acu, agus eagraíonn John agallamh raidió dóibh ag an stáisiún áitiúil KCLR.

Fágfaidh mé an chuid eile den chlár fút féin nó tá sé le fáil anseo ar RTÉ Player.

Craolfar an clár ar an Luan go ceann cúig seachtaine eile. I ndiaidh The Donnys, beidh an t-amhránaí is scríbhneoir Hannah B agus a banna as Gaoth Dobhair le cluinstin, chomh maith leis Na hEasógaí as Conamara, na puncracairí as Léim an Bradáin The Hex, Coolbay as Contae Laoise agus Leevy as Gaeltacht Mhúscraí. Cé nach bhfuil ach aon  eipeasóid amháin craolta go dtí seo, is sraith spreagúil í An Ghig Mhór atá ag cur chun cinn an chéad ghlúin eile d’amhránaithe na hÉireann agus tig leis sin greann agus tuilleadh eile.

SCÉALTA EILE