Réalta Game of Thrones v Béal Feirste


Chuir duine de réaltaí na sraithe teilifíse ollmhóire Game of Thrones isteach ar roinnt daoine i mBéal Feirste an tseachtain seo, agus ar Bhord Turasóireachta an tuaiscirt ach go háirithe, nuair a thug sé “gruama” ar iarrachtaí an eagrais.

Bhí an Sasanach Kit Harrington, a bhíonn le feiceáil i ról Jon Snow, ar an chlár ‘Late Night’ i SAM nuair a mhínigh sé go raibh go leor ama caite aige i mBéal Feirste agus iad ag taifeadadh eipic HBO.

Tá scannánú déanta ag an tsraith i gcontae an Dúin agus i gcontae Aontroma le blianta beaga anuas chun Westeros thuaidh a léiriú ar an scáileán, agus tá líon na dturasóirí atá ag teacht chun an cheantair ag ardú gach bliain dá bharr.

Ach ní mó ná sásta a bhí go leor nuair a dhírigh an t-aisteoir ar chathair Bhéal Feirste féin, agus an méid a bhí aici do thurasóirí.

“Tá bord turasóireachta iontach acu – déanann siad ceiliúradh ar thrí rud,” arsa Harrington leis an láithreoir Seth Meyers.

“Is é sin an t-óstán is mó a ndearnadh buamáil air san Eoraip, rud atá iontach.

“Thóg siad an Titanic, long a chuaigh go tóin poill ar a céad iomramh.

“Agus anois tá Game of Thrones acu, an clár teilifíse is gruama riamh.

“Mar sin is bord turasóireachta breá gruama é.”

Dúirt urlabhraí de chuid an Bhoird, áfach, go bhfuil Béal Feirste agus tuaisceart na tíre ar fad “aitheanta mar áit iontach le dul ar saoire”.

Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó cois cuain ná na trí tharraingt thuasluaite ach níl an t-aisteoir ar an chéad duine riamh chun cáineadh a dhéanamh ar thosaíochtaí Bhord Turasóireachta an tuaiscirt (NITB).

Ba mhinic ábhar gearáin ag Gaeil thar na blianta nár dhírigh an Bord ar an iliomad gné den saol Gaelach ó thuaidh agus is beag tagairt a dhéantar ina gcuid margaíochta do chultúr na Gaeilge.

Beidh le feiceáil mar sin an mbeidh tionchar ag ráiteas Harrington ar cén áit a leagann an Bord Turasóireachta béim amach anseo…

SCÉALTA EILE