Réalta nua á lorg ag Ros na Rún

Tá an sobaldráma is ansa leis na Gaeil sa tóir ar bhan-aisteoir do pháirt nua atá ag teacht chun cinn go luath.

Bean os cionn 50 atá á lorg atá ábalta labhairt le canúint neodrach nó le canúint Chonamara.

Má tá spéis agat féin ann, nó má tá aithne agat ar bhean a bheadh ag iarraidh a bheith ar an sobalchlár, níl le déanamh ach grianghraif agus CV a sheoladh isteach chuig Rannóg Léiriúcháin Ros na Rún (sonraí thíos).

Ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta agat, ach is fiú a lua ar an iarratas más amhlaidh go raibh tú ar an stáitse nó os comhair ceamara i léiriú roimhe seo.

Bíonn 150,000 duine ag amharc ar Ros na Rún in aghaidh na seachtaine, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na cláir is rathúla ar TG4.

Seo an 21ú séasúr agus tá faoin spéir cíortha ar an chlár – agus tá níos mó le theacht.

Beidh an réalta nua i measc breis agus 40 aisteoir rialta ar Ros na Rún, a bhíonn á thaifead ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe.


Más spéis leat cur isteach ar an pháirt, cuir CV agus grianghraif chuig leiriuchain@rosnarun.com nó cuir scairt ar an Rannóg Léiriúcháin ag + 353 91 558400. Fan ar an eolas faoi cad atá ag titim amach ar Twitter @RosnaRún

SCÉALTA EILE