Réaltaí óga aimsire

Ní fada uainn Seachtain na Gaeilge anois a chairde agus is deas an scéal don aos óg go bhfuil spiorad na féile le mothú i measc mhuintir TG4 cheana féin.

D’fhógair an stáisiún Gaelach inniu go bhfuil comórtas nua á reáchtáil acu, den chéad bhliain riamh, a thabharfaidh deis do 5 pháiste ádhúla réamhaisnéis na haimsire a chur i láthair i dteannta réaltaí an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge.

Ag labhairt di le NÓS dúirt Karina Feirtéar, eagarthóir na n-óg TG4, gur féile mhór í Seachtain an Gaeilge agus gur iontach an t-aos óg a bheith lárnach sa cheiliúradh.

“Tá muid ag súil go dtabharfaidh an comórtas spreagadh do ghasúir le linn Sheachtain na Gaeilge agus go mbeidh siad lárnach agus páirteach sa cheiliúradh i dTG4,” ar sise.

“Mar atá, bíonn ‘Aimsir na n-Óg’, mír aimsire ag craoladh ar Cúla 4 i rith an lae, ina mbíonn glórtha gasúr le cloisteáil ann, ach is bealach é an comórtas chun ardán níos mó a thabhairt do dhaoine óga.”

Tá an comórtas oscailte do dalta bunscoile (6-12 bliain) a bhfuil suim acu an Aimsir Láithreach a chur i láthair, i bpáirt le láithreoirí aitheanta an chainéil.

Tá turas timpeall TG4 san áireamh sa duais, mar aon le roinnt traenála le láithreoir aimsire a chuirfidh ar chumas na láithreoirí óga script a hullmhú agus é a chur i láthair ar cheann d’oícheanta na seachtaine.

Craolfar an mhír ar an ‘Aimsir Láithreach’ ó 14-18 Márta ag 6.55in ar TG4.

“Creideann muid féin gur duais álainn atá ann. Deis iontach don chéad ghlúin eile a theacht chun cinn,” arsa Karina.


Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach físeán gearr, ina míníonn siad cén fáth ar mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig  cula4@tg4.ie  roimh 5 Márta 2016.  Is gá uimhir theileafóin tuismitheora/caomhnóra fásta a chur leis an iarratas.

SCÉALTA EILE