Rudaí níos aistí fós…

Chuaigh an tsraith Stranger Things go mór i bhfeidhm ar bhreathnóirí Netflix nuair a bhuail sé an t-ardán de phreab anuraidh, agus bhain ár léirmheastóir an-taitneamh go deo as chomh maith.

Ómós do chlasaicí móra sci-fi na 1980í é – leithéidí E.T., The Goonies agus Alien – ina bhfuil cliar de scoth-aisteoirí óga.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil an dara sraith le teacht amach ar 27 Deireadh Fómhair – díreach in am d’Oíche Shamhna – agus tá an réamhbhlaiseadh nua ag mealladh airde ar líne.

“Some doors can’t be closed” an sluán atá scríofa in éineacht leis an tréiléar ar Twitter, tagairt, is dócha, don ‘Upside Down’ – an domhan ait comhthreomhar ar imigh Will Byers (Noah Schnapp) isteach ann sa tsraith dheiridh.

Eisíodh póstaer úr chomh maith a thaispeánann cruth arrachta éigin i stoirm scanrúil sa spéir – leid gan amhras go mbeidh sraith uimhir a dó níos aistí agus níos scéiniúla ná an ceann a tháinig roimhe.

Níl ach trí mhí le dul…

SCÉALTA EILE