Tá rudaí aisteacha ag tarlú i mbaile beag Meiriceánach.
Tá gasúr óg ar iarraidh.
Agus tá Joyce Byers (Winona Ryder), máthair an pháiste, ag screadaíl is ag béicíl ar an sirriam (sheriff) le go gcreidfidh sé í.
Agus muid sáite báite anois san iliomad sraitheanna teilifíse a “gcaithfimid” amharc orthu, tá mise ag iarraidh oraibh muinín a bheith agaibh asam agus ligean daoibh féin bheith sáite báite sa leagan dorcha de na 1980í a chuireann Stranger Things ar fáil.
Cuirigí an clár seo is déanaí ar Netflix chuig barr bhur liosta.
Sa chéad 10 mbomaite tugtar blaiseadh dúinn dá bhfuil i ndán don lucht féachana le linn na sraithe.
Eolaí i gcóta bán ag iarraidh éalú ó… rud éigin.
Tagairtí, idir chaolchúiseach agus shoiléir, do chlasaicí móra na 1980í – Alien agus E.T. ina measc.
Leaideanna óga – cairde – ag aistriú idir greann agus dáiríreacht agus iad ag léiriú cumas aisteoireachta a théann i bhfeidhm ort láithreach.
Agus sna creidiúintí tosaigh, measctar an cló láidir sin a shamhlaítear le scéalta uafáis Stephen King le ceol synthy an ama chun an t-atmaisféar ceart cuí a chruthú.
Nuair a théann Will Byers (Noah Schnapp) ar iarraidh, tarraingítear a chairde agus a theaghlach, chomh maith leis an phóilín spíonta, Hopper (David Harbour), agus an cailín óg ar leith, El, isteach i streachailt in éadan fórsaí rúnda agus eachtraí osnádúrtha agus iad sa tóir ar an fhírinne.
Ach cé go n-úsáidim frásaí amhail “fórsaí rúnda” agus “eachtraí osnádúrtha”, ní théann Stranger Things thar fóir, nó tá luas an scéil foirfe.
Tá an cumasc ceart den mhistéir agus den teannas, a bhíonn an-ghar don sceon in amanna, aimsithe ag cruthaitheoirí na sraithe, na deartháireacha Duffer.
Fágann sé go mbeidh tú gafa ó thús deireadh.
Cé go bhfuil an tsraith suite go docht daingean sna hochtóidí agus é lán tagairtí don ré sin agus é déanta i stíl na ré sin, ní barraíocht é.
Do dhuine a rugadh i ndiaidh an ama sin agus nach bhfaca leithéidí The Thing nó Stand by Me, cuirfidh Stranger Things roinnt scannán ón mhílaois seo i gcuimhne duit – Drive agus Donnie Darko go háirithe.
Seasann ceol agus stíl an dá scannán sin amach.
Ghlac siad tróip (tropes) an ama sin agus chuir siad snas orthu, á n-uasdátú ar mhaithe le lucht féachana an lae inniu.
Tá a mhacasamhail déanta ag Matt agus Ross Duffer (thíos).
Is léir go bhfuil grá acu do na hochtóidí, ach thuig siad an bealach chun cuma nua-aimseartha a chur ar an tsraith san am chéanna.
Tá na páistí atá i lár an scéil ar comhchaighdeán leis na gasúir óga in Stand By Me – is cinnte go bhfuil na pearsantachtaí geanúla céanna acu.
Téann spiorad, spraoi agus misneach Mike (Finn Wolfhard), Lucas (Caleb McLaughlin), Dustin (Gaten Matarazzo), Will (Noah Schnapp) agus El (Millie Brown) i gcion ort go mór.
Is éachtach an léiriú a dhéanann siad.
Agus tá sin fíor faoi aisteoireacht na gcarachtar ar fad, nó ní dhíríonn Stranger Things ar na páistí amháin.
Baineann an tsraith cothromaíocht iontach amach ó thaobh an léiriú a dhéantar ar scéalta na bpáistí agus ar na scéalta eile atá mar chuid den phlota – gach ceann acu chomh suimiúil, tarraingteach lena chéile.
Go minic bíonn muid tógtha le píosa teilifíse nó le scannán, go háirithe ag an deireadh agus an mothú sin againn go bhfuil críoch tagtha le rud iontach.
Bíonn muid ag iarraidh labhairt air ó mhaidin go hoíche le cibé cluas éisteachta atá thart.
Is é an rud is fearr dá bhfaca muid riamh é!
Ach sílim go dtig linn, de thaisme, barraíocht a dhéanamh dár mothúcháin ag an bhomaite sin.
In amanna, bíonn ort dul siar agus an dara spléachadh a thabhairt le fíormheasúnú a dhéanamh air.
Agus mé ag scríobh an léirmheasa seo, d’amharc mé ar go leor de Stranger Things den dara huair.
Bíodh muinín agaibh asam – tá sé speisialta.