Scéal grá in aimsir an Choróinvíris ar BLOC

Is sraith úr faoi scéal grá in aimsir an víris chorónaigh é Le Ceangal a bheidh á chraoladh ar ardán TG4 do dhaoine óga, BLOC, an tseachtain seo chugainn. 

Beidh ocht gclár sa tsraith úr drámaíochta agus grinn seo, a bheidh cúig bhomaite ar fad an ceann.

Is é Oisín Mistéil a cheap an scéal, ina bhfuil beirt óg Declan (Eoin Ó Dubhghaill) agus Aoife (Eva-Jane Gaffney) ag caint lena chéile ar Tinder sula dtagann na srianta dianghlasála i bhfeidhm. Bhí siad réidh leis an cheist chasta faoi stádas oifigiúil an chaidrimh a chur ar a chéile nuair a cuireadh faoi dhianghlasáil iad beirt in dhá chathair éagsúla. 

Taifeadadh an tsraith iomlán le criú fíorbheag i gcontae na Gaillimhe, faoi stiúir an léiritheora Paddy Hayes. 

“Rinne mé féin agus Eva-Jane seachtain de chleachtadh ar Zoom leis an scríbhneoir Oisín Mistéil sular thosaigh muid ag taifead,” a dúirt Eoin Ó Dubhghaill, a léiríonn páirt Declan sa tsraith, le NÓS.

Ní raibh ach seisear ar an seit, a bhí i dteach duine de na stiúrthóirí, agus dúirt Eoin gur fíor-annamh a bhí sé sa seomra céanna lena leathbhádóir Eva-Jane Gaffney le linn na scannánaíochta. Chaith an fhoireann iomlán mascanna agus ghlacadh a dteocht achan mhaidin agus an clár á thaifeadadh.

“Bhí sé aisteach a bheith ag obair le criú chomh beag sin, agus bhí cúpla jab difriúil ag chuile dhuine ar an seit. Bhí an fhoireann stiúrtha ag cabhrú leis an gceamaradóireacht agus leis an bhfuaim, agus tá mé féin ag súil le m’aitheantas feistis agus smididh ar IMDb!” a dúirt sé. 

Is scéal é atá oiriúnach don tréimhse seo ina bhfuil muid, caidreamh atá á bhláthú ach a chuirtear ar ceal, nó ar athló, de bharr srianta dianghlasála, ach an bhfuil taithí ag Eoin é féin ar chaidreamh ar líne? 

“Bhí mé féin i gcaidreamh fadraoin fadó, agus i gcás mar sin is féidir pleananna a dhéanamh don todhchaí agus taisteal chuig a chéile agus socruithe a dhéanamh. Ach le srianta na paindéime, ní bheadh aon deireadh leis agus b’fhéidir go mbeadh sé sin deacair,” a dúirt sé.

D’fhiafraigh mé d’Eoin an raibh aon mholtaí aige do dhaoine atá ag streachailt fríd an fhadhb chéanna le Declan agus Aoife agus ag iarraidh caidreamh a choinneáil ar bharr uisce.  

“Déanta na fírinne, bí cinnte go mbíonn an bheirt atá i gceist iontach réchúiseach, mar is cinnte go bhfuil cúrsaí leochaileach agus mothúchánach faoi láthair, agus ní féidir a bheith i bpócaí a chéile i rith an ama.”

Tá cúpla radharc ann sa tsraith a thugann léargas ar an ghrá in am na géarchéime, agus tá súil ag Eoin go dtabharfaidh sé inspioráid do dhaoine ó thaobh coinní fíorúla agus cén dóigh caidreamh collaí a láimhseáil ar líne, chomh maith le téacsanna ar meisce ag a cúig a chlog ar maidin.

“Tá súil agam go mbainfidh daoine an oiread sult as a bheith ag féachaint air agus a bhain mise as é a dhéanamh. Bhí an criú agus an script chomh barrúil sin agus bhí Eva-Jane thar barr. Tá sé thar a bheith deacair script grinn a scríobh ach tá cúpla eipeasóid an-ghreannmhar ann,” a dúirt sé.

Beidh an chéad dá chlár de Le Ceangal ar fáil ag 13:00 i.n. ar an 26 Meitheamh agus achan seachtain ina dhiaidh sin ar chainéal YouTube BLOC TG4. 

SCÉALTA EILE