‘Scéal na Gaeilge’ Alan Titley ar fáil ar YouTube anois

Tá an clár iomráiteach teilifíse Scéal na Gaeilge, a craoladh den chéad uair ar TG4 tuairim is naoi mbliana ó shin, curtha ar fáil ag lucht a léirithe, ROSG, saor in aisce ar YouTube. Ba é an scoláire aitheanta Gaeilge Alan Titley a chuir an clár fianaise ar stair na Gaeilge i láthair agus thuill an léiriúchán ardmholadh nuair a craoladh ar dtús é. 

https://www.youtube.com/watch?v=pU3eeNGb6n8&list=PLGvUj6v8c4CafAdH_iFgnNFSVaKGDDlI_

Tá an clár, a craoladh ina dhá chuid ar an teilifís in earrach na bliana 2012, roinnte ina shé chuid ag ROSG agus curtha ar a leathanach YouTube acu. Clár faisnéise ar stair na Gaeilge ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann atá ann agus tugann Alan Titley inseacht bhríomhar bheoga ar scéalta stairiúla agus miotasacha a bhfuil baint ag an teanga leo. 

Meascán de scannánaíocht bheo i láithreacha stairiúla timpeall na hÉireann, míreanna beochan, agus an dá rud in éindí atá sa chlár.  Thart ar fhiche nóiméad an ceann a mhaireann na sé mhír atá curtha ar YouTube ag ROSG, agus deir an comhlacht go bhfuil súil acu gur “áis spéisiúil” a bheidh sa chlár “d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus mic léinn meáin scoile”. 

SCÉALTA EILE