Tá sraith nua le craoladh ar BBC 2 NI faoi scéal bhunú ‘Ghaeltacht Uirbeach’ Bhéal Feirste agus na teaghlaigh ar leith a chinn a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus pobal Gaeilge a chruthú sa chathair.
Sraith dhá chlár atá ann darb ainm The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe.
Sa bhliain 1969, ba ghrúpa daoine óga, a chothaigh cairdeas lena chéile tríd an tsuim a bhí sa Ghaeilge acu, a bhunaigh an “Ghaeltacht chathrach”.
Tá scéal na ndaoine seo anois le cluinstin breis agus 50 bliain níos moille. Inseoidh siad sa chlár faoin dóigh ar phléigh siad bunú a bpobail féin, a chuirfeadh ar a gcumas a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.
Ba as díograis roinnt teaghlach an uaillmhian sin a bhaint amach a eascraíodh ‘Scéim na dTithe’. D’ainneoin gach constaice a cuireadh rompu agus an teannais sheictigh a bhain le tús na dTrioblóidí, rinne na daoine seo éachtaí ar measadh nárbh fhéidir a dhéanamh.
Ba sa bhliain 1971, a bhunaigh pobal Bhóthar Seoighe an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart agus as sin a tháinig forbairt earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Léirítear sa tsraith seo an tionchar a bhí ag an phobal seo ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge i gCúige Uladh le 50 bliain anuas. Cuid mhaith de na chéad lánúineacha a bhunaigh an pobal seo tá siad rannpháirteach i mórphobal na Gaeilge go dtí an lá inniu.
Bhí baint ag baill den phobal le bunadh Mheánscoil Feirste agus Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus bhí a dtionchar le braith i mbunú eagraíochtaí eile ar nós Lá, Raidió Fáilte, Forbairt Feirste, Aisling Ghéar, agus go leor eile.
“Onóir iontach a bhí ann domsa a bheith ábalta obair ar an tsraith seo. D’fhreastail mé féin ar Bhunscoil Phobail Feirste agus d’fhás mé aníos sa cheantar mar bhall de phobal na Gaeilge a bhunaigh na ceannródaithe seo. Bhí an t-ádh liom agus gan iad, is dócha nach mbeinn ag obair san earnáil seo anois. Thug siad deis domsa agus do na céadtá eile inár gceantair. Thug siad an rud is luachmhára dúinn – ár dteanga féin agus pobail laidir, dearfach,” arsa léiritheoir na sraithe Gráinne Holland.
Craolfar Eagrán 1: Na Luathbhliantaar BBC 2 NI Dé Luain, 18 Bealtaine, ag 22.00 agus craolfar an dara heagrán Ná hAbair É, Déan É Dé Luain, 25 Bealtaine ag an am céanna.