Scéal ‘Uimhir 6’, ceannáras an Chonartha, le ríomh ar TG4 anocht

Inseofar scéal ‘Uimhir 6’, ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, ar chlár nua faisnéise a chraolfar ar TG4 anocht.

Tógadh an teach mór Seoirseach ar Shráid Fhearchair ag deireadh an 18ú hAois agus Parlaimint Mhic Reachtain faoi lán seoil ar Fhaiche an Choláiste agus ba é mac an Fheisire John Blackwood, Hans Blackwood, an chéad duine a chónaigh ann. Is iomaí duine a chónaigh ann ó shin, John Henry Newman naofa ina measc, sular cheannaigh an Seanóir Tom Kelly an foirgneamh do Bhanc Shinn Féin in 1910, agus bhí baint nach beag ag an áit le himeachtaí na Réabhlóide in Éirinn ó 1913-1923.

Tabharfar léargas ar an ról a bhí ag Uimhir 6 le linn Chogadh na Saoirse, ar an méid a bhí ar bun ag Micheál Ó Coileáin ann in 1918 agus 1919, agus ar na príomhchruinnithe a reáchtáladh sa teach, an cruinniú ag ar glacadh an cinneadh Dáil Éireann a bhunú ina measc.

Beidh an Dr. Diarmuid Ó Gráda – Údar an leabhair Georgian Dublin, an tOllamh Finola O’Kane Crimmins – Scoil na hAiltireachta, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, an Dr. Conor Mulvagh, Scoil na Staire, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, an Dr. Síobhra Aiken, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dónal Fallon, Staraí, Íte Ní Chionnaith, IarUachtarán Chonradh na Gaeilge agus Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge páirteach sa chlár.

Craolfar Uimhir 6 ar TG4 anocht an 14 Aibreán ag 21.30.

SCÉALTA EILE