Ní fada uainn anois 20ú breithlá TG4, a bheas á cheiliúradh Oíche Shamhna, agus inniu i mBaile Átha Cliath sheol an stáisiún sceideal beoga leathan do na míonna amach romhainn.
Bhí roinnt mhaith de réaltaí móra TG4 i láthair ag an seoladh sa Smock Alley Theatre agus fuair siad cuidiú fiú ó na deartháireacha so-aitheanta Jedward a cheol ‘Óró Sé Do Bheatha Abhaile’ le John Spillane ag pointe amháin!
Sing song le @planetjedward @JohnSpillane09 ag seoladh @TG4TV #TG4 #ÓróSeDoBheathaBhaile pic.twitter.com/41RV2OkJTD
— D’Arcy Marketing&PR (@dmpr_galway) 30 Lúnasa 2016
I measc na mbuaicphointí nua sa sceideal tá an sraithdhráma nua grinn Fir Bolg a leanann banna ceoil a bhí i mbéal an phobail 30 bliain ó shin agus beidh áthas ar go leor a chluinstin go bhfuil an tUasal Ó hEochagáin ar ais ar an stáisiún sa chlár Hector Central agus é ag taisteal i Meiriceá Láir, áit nach raibh sé riamh amú go dtí seo.
Sa tsraith Na Bailéid téann an Speall thuasluaite ar thóir na scéalta as ar fhás cuid de na amhráin is ansa linn ar fad agus cuirfidh Madraí na hÉireann leis an eolas atá againn ar na póir dhúchasacha is sine dá bhfuil sa tír seo.
Ar ndóigh tá séasúir úra de shraitheanna aitheanta an stáisiúin le filleadh chomh maith ar nós Anamnocht, Hup, Laochra Gael, Róisín, Imeall agus Comhrá.
Mar is gnáth beidh clúdach cuimsitheach spóirt san fhómhar freisin agus roinnt sraitheanna nua ar Cúla4 na nÓg ar nós Masha agus an Béar, Wussywat agus Astroblast.
Tá TG4 ag leanúint chomh maith leis na forbairtí ar líne le haip sheinnteoir Cúla4 ag teacht go luath.
Eolas iomlán faoi seideal fómhair an stáisiúin le fáil ar tg4.tv