Ní raibh a leithéid feicthe ariamh ag lucht féachana na Gaeilge.
Nuair a bhuail an dráma Seacht scáileáin bheaga na tíre ag tús na bliana seo caite, ba chlár ceannródaíoch é ar go leor bealaí.
Bhí talamh nua á bhriseadh aige ó thaobh ábhair agus stíle de.
Cinnte, bhí cláracha eile ann roimhe a phléigh le caidrimh fhisiciúla agus le duáilcí an tsaoil ach ní raibh aon cheann ann ina raibh na sonraí chomh follasach ná an teachtaireacht chomh soiléir.
Ó phóga leispiacha go spraoi leapa de shórt éigin eile, ó bholadh na dtoitíní draíochta go séisiúin mhóra ólacháin, cuireadh saol na mac léinn a bhí ag freastal ar choláiste taibhealaíon Seacht i láthair mar eispéireas iomarcach gan srian.
Chonacthas scolairí ollscoile ag dul ar mire ar an teilifís roimhe ar ndóigh ach bhí an dream seo difiriúil – bhí siad á dhéanamh i nGaeilge.
Mar sin féin ba iad eachtraí aonaracha na ndaoine óga a chuaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana seachas mionghnéithe an phlota féin – agus cé go mb’fhéidir go ndearnadh d’aon ghnó é, le cur in iúl go dtiocfadh leis an Ghaeilge bheith chomh edgy céanna le teanga ar bith eile ar domhan – bhí an baol ann i gcónaí nach mbeadh an éifeacht chéanna leis an iompar cráiceáilte an dara huair, nach mbeadh breathnóirí na sraithe chomh tógtha leis an ró-iompar is a bhí nuair a bhuail an tsraith isteach inár seomraí suí den chéad uair.
Ach níorbh amhlaidh a thit amach.
In ainneoin go bhfuil cúpla athrú san fhoireann aisteoirí a chuirfidh isteach orthu sin a bhíonn ag coinneáil súl ar chúrsaí leanúnachais, tá cuma níos aibí, ach ní ró-aibí, ar an dara sraith seo de Seacht.
Tá an spleodar céanna ann ar ndóigh – le breis coimhlintí fiú idir na mic léinn éagsúla – ach tá feabhas áirithe le mothú ar an phacáiste iomlán, ní hamháin maidir leis an bhunscéal ach maidir le radharcanna agus seatanna stílmhara chomh maith.
“Tá an plota níos fearr i mbliana,” arsa Eoghan McDermott, aka Pete, le nós*.
“Tháinig rudaí le chéile don tsraith seo agus tá an scéal agus an toradh deiridh níos iomláine dá bharr.”
Ní raibh an oiread sin taithí aisteoireachta ag roinnt d’fhoireann an dráma sular thug siad faoin chéad sraith ach is léir anois go bhfuil siad i ndiaidh theacht isteach ar a róil éagsúla.
“Tá muid níos muiníní anois is dócha ach bhí foireann nua againn an babhta seo chomh maith.
“Mar sin de bhí sé i gcónaí dul bheith difriúil ach d’éirigh go maith linn ar an iomlán.”
I measc na ndaoine úra a tháinig isteach ar an seó bhí scríbhneoirí agus stiúrthóirí de chuid na sraithe clúití Sasanaí, Hollyoaks, agus tá an faobhar a chuir siad leis an tsraith le feiceáil cheana.
Ach an dóigh le hEoghan go dtéann an plota thar fóir in am ar bith go fóill, gur léiriú áibhéileach ar shaol an choláiste?
“Ceapaim féin go bhfuil sé ró-tame!”, arsa sé.
“Má bhreathnaíonn tú ar chláracha ar nós Hollyoaks nó Skins bíonn scéaltaí i bhfad níos scannalaí acusan.
“Tá ólachán agus gnéas srl. ag dul ar aghaidh ar Seacht ach i ndáiríre níl aon scannal ró-mhór ann… go fóill.”
Cibé rud a thiteann amach idir seo agus deireadh na sraithe, tá aisteoirí agus foireann Seacht cheana féin i ndiaidh lucht leanúna a mhealladh do dhrámaí óige Gaeilge, agus neart ábhar cainte a chruthú ag an am céanna.
Ní olc an rud é sin.