Más tuar cruinn é an réamhbhlaiseadh atá feicthe ag NÓS de shraith úrnua ar shléibhte chúige Uladh, atá le tosnú anocht ar BBC 2, tá pléisiúr i ndán d’aon duine a chaitheann súil uirthi.
Ar Scáth na Sléibhte is teideal don tsraith cheithre chlár ina dtabharfaidh an siúlóir agus eolaí Cormac Ó hÁdhmaill cuairt ar na sliabhraonta is suntasaí agus is mórthaibhsí in Ultaibh, ina measc, Beanna Boirche, Sléibhte Mhuintir Luinigh, na Cruacha agus Compal Shliabh gCuillinn.
Is leis an sliabh maorga deiridh sin in Ard Mhacha Theas a thosóidh Cormac ar a thuras agus buailfidh sé le daoine a thugann a mbeatha i dtír sa cheantar, cluinfidh sé faoin mhiotaseolaíocht chlúiteach a bhaineann leis an áit agus déanfaidh sé scagadh ar an eolaíocht taobh thiar den tírdhreach álainn ársa.
“Tríd an tsraith a chur i láthair, d’éirigh liom léargas nua a fháil ar áiteanna a bhfuil mé ag baint suilt astu le tuilleadh is 40 bliain,” arsa Cormac.
“Sna sléibhte uilig a dtug mé cuairt orthu thar na blianta sin, is ar an dreapadóireacht a bhí m’aird, ach sa tsraith seo bhí faill agam labhairt leo siúd a chónaíonn thart ar na sléibhte agus a bhfuil a saol agus a gcultúr múnlaithe acu.
“I ndeireadh thiar thall, ní raibh orm ach éad leo agus le héagsúlacht an chultúir acu agus an tírdhreacha ina maireann siad.”
Tá seatanna iontacha ón aer le feiceáil le linn na sraithe agus is cláracha riachtanacha iad do dhuine ar bith ar suim leo timpeallacht na sléibhte Éireannacha.
Tosaíonn Ar Scáth na Sléibhte anocht, Dé Luain 16 Feabhra, ar BBC 2 NI ag 10in.