Don tríú bliain as a chéile tá cleas cliste déanta ag TG4 beo ar an aer ar Oíche Shamhna.
Agus an láithreoir aitheanta Caitlín Nic Aoidh ag cur i láthair cláracha tar éis na nuachta anocht, cuireadh a haghaidh agus a glór as riocht le scagairí Snapchat agus grafaicí taibhsiúila eile (féach físeán thuas).
Tá clú ar TG4 ar ndóigh as bobanna Samhna den chineál seo mar sa bhliain 2015 chuir Caitlín tuar na haimsire i láthair agus í ar foluain ar chairpéad draíochta.
Ansin anuraidh bhain an stáisiún Gaeilge ceannlínte amach ar fud na cruinne nuair a bualadh an láithreoir le splanc thintrí agus a d’imigh go tobann as radharc:
“Tá dúil mhillteanach agam san am seo bliana agus tá mé ag déanamh go mbíonn daoine ag amharc amach ar Oíche Shamhna le go bhfeicfidh siad an bhfuil aon diabhlaíocht ag dul ag aghaidh againn,” arsa Caitlín.
“Tá mé ag déanamh gur traidisiún atá ann faoin tráth seo.
“Bealach nuálach, cruthaitheach agus spraíúil é leis an Ghaeilge a chur os comhair an domhain ar bhealach spraíúil.”
Ní féidir linn ach aontú leis sin… Beannachtaí na Samhna oraibh go léir!