Seoladh clár foghlama nua do pháistí an tseachtain seo ar TG4 Foghlaim. Corcra Media Teo., comhlacht léiriúcháin Ghráinne Holland, a léirigh an tsraith a chuireann béim ar an nádúr, ar ainmhithe agus ar an timpeallacht ina hiomláine.
Beidh 12 clár sa tsraith ar líne a dhíríonn ar pháistí idir 5-9 mbliana d’aois. Is í Gráinne féin a chuireann an tsraith i láthair lena clann: a fear Frainc agus a gcuid páistí Naoise agus Síomha. Feicfidh lucht féachana na sraithe an ceathrar ag taiscéalaíocht tríd an choill agus na séasúir. Rachaidh Naoise agus Síomha sa tóir ar thorthaí speisialta a fhásann sa gheimhreadh amháin agus ar ainmhithe gleoite a chuireann fúthu sa choill le linn an earraigh. Agus roinnt eile ar a bharr sin!
Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge: “Tá an-áthas orainn go raibheamar ábalta tacú lena leithéid d’ábhar foghlama, sraith tarraingteach a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr le tírdhreach ghalánta an Tuaiscirt mar chúlra. Táim cinnte go mbainfidh an lucht féachana óg an-sult as a bheith i gcuideachta Ghráinne le Frainc, Naoise agus Síomha.”
Bhí sé mar aidhm ag Gráinne Holland athnascadh a dhéanamh leis an dúlra tríd an chlár seo. Creideann sí go daingean go bhfuil saibhreas ar leith le saothrú ón nádúr agus na créatúir ghalánta sa choill.
Dúirt Conall Ó Máirtín, Eagarthóir TG4 Foghlaim: ‘Is sraith iontach í ‘Scoil Choille’ a thugann an lucht féachan ar aistear foghlama lasmuigh den seomra ranga. Nascann sé go láidir leis na hintinní foghlama a sholáthraíonn an domhan thart orainn dúinn agus tugann sé deis do scoláirí teanga a fhoghlaim a bhaineann leis an choill i rith na bliana. Le cur chuige uathúil samhlaíoch, tugann an tsraith seo an choill chun beatha ar bhealach siamsúil. Tá muid ag súil go mór leis an ábhar foghlama seo ‘Scoil Choille’ a thabhairt do dhaltaí agus do mhúinteoirí sa seomra ranga.’
Tá dhá chlár ón tsraith beo ar TG4 Foghlaim anois atá ag díriú ar an earrach. Eiseofar tuilleadh cláracha i rith na bliana a dhíreoidh ar na séasúir eile. Féach anseo: https://foghlaim.tg4.ie/ceacht/6368242783112