Sraith nua faoi pheataí Gaelacha le tosú ar BBC 2 NI anocht

Cuirfear tús anocht le Peataí! ar BBC 2 NI, sraith nua Ghaeilge ina gcuirfidh foireann saineolaithe ainmhithe comhairle d’úinéirí peataí faoina gcait, madraí agus peataí neamhghnácha. 

Sraith ceithre chlár a bheidh in Peataí! a bheidh á craoladh ar BBC 2 NI ar an Luan ag 22.00. Osclaíodh ‘tob-chlinic’ san Ark Farm i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin, áit ar chuir tréidlianna agus saineolaithe eile ainmhithe fáilte roimh úinéirí peataí le ceisteanna a chur orthu faoi dhrochiompar, drochanáil, dea-bhia agus dea-ghrúmaeireacht. 

Is í Tessa Fleming, as Contae Mhuineacháin, a chuirfidh an tsraith úr i láthair agus í ag labhairt leis an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir, agus an iompraí ainmhithe Paula Doohan. 

“Deis iontach an tsraith seo ár bpeataí a cheiliúradh agus beagán sonais is solais a lonrú ar bhliain a bhí deacair. Bhí réimse iontach againn de pheataí neamhghnácha agus ardú meanman a bhí ann a fháil amach mar a thug úinéirí a gcroí agus a n-anam dá bpeataí! 

“Agus, ar ndóigh, ar chuid mhór againn, mé féin san áireamh, ghlac sé tamall teacht ar thuiscint níos fearr ar ár gcuid peataí, ar a riachtanais agus ar a n-iompraíocht aisteach nach féidir a thuar. Níl aon amhras ann ach go dtógfaidh an lucht féachana leid nó dhó le cúram níos fearr a thabhairt dá gcuid peataí féin,” a dúirt Tessa. 

Beidh an chéad eagrán den tsraith á chraoladh anocht ar BBC 2 NI agus beidh gach eagrán ar fáil i ndiaidh a chraolta ar ann BBC iPlayer.

SCÉALTA EILE