Sraith teilifíse nua ‘Na Féilte Tine’ le craoladh ar RTÉ anocht

Na Féilte Tine, sraith cheithre chlár ina ndéantar iniúchadh ar fhéilte dúchasacha na hÉireann: Samhain, Imbolc, Bealtaine, agus Lúnasa.

Craolfar an chéad chlár den tsraith úr teilifíse, Na Féilte Tine, anocht an 28 Deireadh Fómhair ag 18:30 ar RTÉ 1 agus an Seinnteoir RTÉ. Beidh an tsraith ag déanamh inniúchadh ar na féilte ndearnadh ceiliúradh orthu leis na mílte blianta agus an dóigh a “[bhfreastalaíonn] siad ar riachtanais spioradálta agus phobail mhuintir na hÉireann sa 21ú haois.”

An siombalachas agus an mhiotaseolaíocht atá lárnach sna féilte atá mar ábhar plé an chláir. Fiosrófar an tionchar atá ag na traidisiúin ársa seo ar fhéiniúlacht agus ar shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Tabharfar léargas ar an nádúr chiorclach a bhaineann le roth na bliana: Féile na Samhna ag cur fáilte roimh an gheimhreadh, Imbolc roimh an earrach, Féile na Bealtaine ag fógairt thús an tsamhraidh, agus Lúnasa ag ceiliúradh fómhar na bliana.

I rith na sraithe, feicfear daoine ón chathair agus daoine faoin tuath ag ceiliúradh na dtraidisiún ársa. Sa chéad chlár, amharcfar ar Féile na Samhna a chuireann tús leis an bhliain nua sa traidisiún Cheilteach.

Anuas air sin ar fad, taispeánfar Deasghnátha na Chéad Tine ar Chnoc Thlachta i gContae na Mí. Léireofar an dóigh a nglactar leis an solas agus an dolas araon ag Féile na Samhna. Cuirfear i láthair na cluichí traidisiúnta a imríodh le linn na féile sa tseanam agus tabharfar an clár chun críche le mórshiúl bliantúil Oíche Shamhna, Macnas, i gcathair na Gaillimhe.

I measc na ndaoine a roinnfidh a gcuid eolais ar na féilte agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann beidh na scríbhneoirí Michael Harding, Patricia Forde, Manchán Magan, Bríd Ní Mhóráin agus an file Siobhán De Paor. Labhair Manchán Magan faoin ábhar ar a ndíríonn an clár:

“Thuig ár sinsir gurb é am é seo go raibh an saol seo níos gaire don saol eile… go raibh na spioraid níos cóngaraí dúinne. Ar an lá seo, ag Samhain, bristear an teorainn agus an greim daingean atá ag an gcóras ama ar an saol. Is féidir linn féachaint ar aghaidh agus is féidir linn féachaint siar ar na sinsir. Is aoibhinn an rud é sin.”

Thairis sin, beidh saineolaithe ar an bhéaloideas — Lilis Ó Laoire, Seosaí Nic Rabhartaigh, Aoife Granvlle, Jenny de Buitléar — ag cur le hiniúchadh an chláir.

Deir Lillis Ó Laoire faoin tsraith, “Oíche Shamhna, bhí an doras idir an saol seo agus an saol eile oscailte. Rinne an Chríostaíocht iarracht, ghlac siad seilbh ar an fhéile seo, agus thug siad ‘Féile na Marbh’ agus ‘Féile na Naomh Uile’ air. Am ar an tairseach atá san fhéile, sé sin, níl sé in áit amháin agus níl sé in áit eile. Tá an doras oscailte, agus thig le daoine taisteal ón saol eile go dtí an saol seo, agus bhí daoine ag súil leis sin.”

Craolfar an chéad chlár sa tsraith anocht ag 18:30 ar RTÉ 1 agus ar an Seinnteoir RTÉ ina dhiaidh.

SCÉALTA EILE