Sraith thráthúil ó láithreoir an-chumasach é ‘Cumhacht an Nádúir’ ar TG4

Tá cáil ar TG4 ar fud an domhain de bharr chaighdeán na gcláracha faisnéise a bhíonn ar an stáisiún, agus i diaidh dhea-chlú Pheig a thabhairt ar ais coicís ó shin, cuireadh tús le sraith nua ina bhfiosraítear an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an nádúr in Éirinn, agus ar an méid a tharla don chaidreamh idir an duine daonna agus an nádúr ag an am. 

Craoladh an chéad chlár den tsraith dhá chlár Cumhacht an Nádúir aréir, agus é curtha i láthair ag Darach Ó Murchú, oide comhshaoil atá ag maireachtaint i gCorca Dhuibhne. Tosaíonn an clár taca an ama seo anuraidh, leis an óráid iomráiteach sin a thug Leo Varadkar nuair a d’fhógair sé an chéad tréimhse dhianghlasála agus leanann an chéad chlár ar aghaidh go dtí athoscailt na tíre ag tús an tsamhraidh seo caite. 

Chuaigh Darach ar camchuairt timpeall na tíre ina veain shnasta, ag bualadh le daoine a bhí ag obair in áiteanna turasóireachta a bhí dúnta, agus le roinnt daoine eile a raibh suim acu sa nádúr. Mar a dúirt sé, bhí sé ag iarraidh a fháil amach an rabhamar réidh an “deis a thapú agus ár nósanna a athrú” agus misneach a bheith againn “tús áite a thabhairt dár n-acmhainní nádúrtha agus glas a oscailt ar chumhacht an nádúir”

Caithfidh mé a rá go rabhas beagáinín buartha é sin a chloisint, agus mé bréan den haischlib #WeAreThePandemic a fheiscint ar na meáin shóisialta os cionn físeán de dheilfeanna ag snámh i gcanáil in Venezia, no paca mór gabhar ag spaisteoireacht trí bhaile sa Bhreatain Bheag. Bhí na gabhair ann sa chlár ar ndóigh, ach táim lánsásta a rá go raibh sé i bhfad níos fearr ná mar a bhíos ag súil leis. 

Rinne Darach  éacht an cliché sin a sheachaint agus díriú ar na scéalta daonna. Ní hé sin le rá nach raibh na hainmhithe ann agus lárnach chomh maith. Chonaiceamar éin i gCaisleán na Blarnan, iad chomh bríomhar leis na cuairteoirí a bheadh ann de ghnáth. Chonaiceamar madra uisce agus cúr rua ann, agus cat crainn agus fabhcún gorm i nGleann Dá Loch, agus madra rua múinte a bhuail le seanfhear in Uíbh Fhailí gach tráthnóna chun béile a fháil. 

Ainmhithe a bhíonn ann i gcónaí gan dabht, ach iad níos feiceálaí agus níos dána anois gan na sluaite móra daoine thart timpeall orthu Ó Chorca Dhuibhne go Cill Mhantáin, agus ó chósta Chonamara go tuaisceart Dhún na nGall, bhí cruth álainn ar an tír. Níl áit ar bith ar domhan chomh haoibhinn le hÉirinn i lár an earraigh agus an aimsir go breá lá i ndiaidh lae, agus is cuma cén tuairim atá agat ar na meaisiní mallaithe siúd- na dróin- is fíordheas na pictiúir a ghlacann siad.

Ní hiad na hainmhithe croílár an chláir seo áfach, ná an tírdhreach fiú, ach pobal na tíre. Tá sé deacair cuimhneamh ar an mbuairt agus an imní a bhí ar dhaoine ag an am agus sinn ag féachaint ar Leo agus é taobh thiar den léachtán mar a bheadh uachtarán na Stát Aontaithe i scannán Hollywood. 

Ach i gcomhrá i ndiaidh comhrá bíonn na focail chéanna le cloisint- ciúnas, suaimhneas, ádh, simplíocht. Bhuaileamar le beirt, iníon agus athair, Réaltín agus William McIlhinny, i nDún na nGall. Thug Réaltín léargas iontach dúinn ar thábhacht an nádúir di, ar an tslí ina raibh sí in ann éalú ón domhan fíorúil, ón dtigh agus ó na cruinnithe Zoom chun a scíth a ligean cois farraige. Bhí William in ann níos mó ama a chaitheamh i dteannta a pháistí, iad ag bácáil agus ag dul ag snámh agus ag snorcláil. Sin an chuid den chlár is mó a thaitin liom- an ceangal sin idir na daoine agus an nádúr agus a gcaidreamh lena chéile.

Ba i gConamara a chuamar níos doimhne sa bhfealsúnacht sin le John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, iascaire agus fear uasal a rinne cur síos ar na héin mhara agus na hainmhithe a tháinig ar ais chuig oileán beag a bhíonn in úsáid ag muintir na háite le blianta anuas. Dar leis, bhí sé díreach mar a bhíodh seasca bliain ó shin, an saol mar ba cheart dó a bheith. Mar a dúirt sé, má thugaimid aire dár dtimpeallacht, tabharfaidh an timpeallacht aire dúinne. In ionad a bheith ag féachaint siar, dúirt fear eile ó Chonamara, Pádraic Fogarty, gur cheart dúinn a bheith ag breathnú chun tosaigh, gan a bheith deighilte amach ón nádúr agus ‘seannósanna ar chuma nua-aimseartha’ a chur i bhfeidhm. 

Sin an teachtaireacht a bhí sa chlár is dócha, ní gur “víreas” an pobal daonna, ach gur cuid den nádúr sinn agus go gcaithfimid maireachtaint i slí dhifriúil chun an domhan agus sinn féin a chaomhnú.

Bhí Darach Ó Murchú ana-chumasach, é compordach leis na daoine eile agus in ann a fhealsúnacht phearsanta a chur in iúl i slí shocair, ach gan é a bhrú ar an lucht féachana. Táim ag súil go mór leis an gcéad chlár eile agus é ag díriú ar athoscailt na tíre. Beidh níos mó le cloisint ó mhuintir na cathrach le cúnamh Dé, dream nach raibh le feiscint go dtí seo- seans maith nach raibh an taithí chéanna acu siúd. 

Tá an tsraith seo tráthúil i mo thuairim, agus sinne i lár dianghlasáil eile. Ní dóigh liom go dtabharfaidh an víreas réiteach ar na fadhbanna timpeallachta a bhfuilimid ag déileáil leo – tá an córas lofa atá freagrach astu fós i bhfeidhm, tá na hastaíochtaí carbóin ag méadú arís agus tá na heitleáin réidh chun imeacht chomh luath agus a bheidh cead taistil againn arís. 

Ach thug an tréimhse sin anuraidh, agus an clár breá seo, deis dúinn a shamhlú conas gur féidir linn maireachtaint leis na nádúr, ní i gcoinne, agus an tairbhe fhisiciúil agus mheabhrach ag baint leis an athrú meoin sin. 

SCÉALTA EILE