Tá an-chosúlacht idir ‘Love Island’ agus cúrsa Gaeltachta

Cad a tharlaíonn nuair a chuireann tú mainicíní ASOS, lúthchleasaithe amaitéaracha agus “tionchairí” gairmiúla in aon teach amháin faoi ghrian na Spáinne? Tada, mar is eol d’éinne a bhreathnaigh ar Love Island an chéad cúpla seachtain — chaith siad an lá ag sú na gréine, ag ól uisce óna mbuidéil in-athchúrsáilte, agus ag labhairt faoi rudaí fánacha — go dtí gur tháinig Maura Higgins ón Longfort le lasair a chur sa bharrach.

Tá Maura i mbéal an phobail ó leaindeáil sí, agus údar maith ag an bpobal. Chuir sí iontas ar go leor nuair a d’admhaigh sí gur thug cuid de na buachaillí sa villa “fanny flutters” di (ceann maith don Coiste Téarmaíochta). Thaitin a hoscailteacht i leith na collaíochta go mór leis an lucht féachana, agus níor lig sí d’éinne beag is fiú a dhéanamh di ach oiread: tar éis di cuireadh a thabhairt do “Tom” oíche a chaitheamh léi, chuala sí é ag maíomh agus ag magadh fúithi. Tarraingíodh siar an cuireadh, dúradh leis gabháil suas air féin, agus cúpla lá ina dhiaidh bheartaigh na cailíní eile ar an oileán an bóthar a thabhairt do Tom. 

Níorbh é an chéad bhuachaill ar bhain cumhacht na mban preab as, agus déarfainn go bhfeicfear arís a gcumhacht, agus cumhacht Maura ach go háirithe, roimh dheireadh na sraithe.

Rinneadh ceiliúradh ar Maura tar éis na heachtra sin: faoi dheireadh, bean atá ionraic faoina gnéasúlacht, a labhraíonn go hoscailte faoi phléisiúr an ghrá, ach atá muiníneach aisti féin chomh maith.

Rinne Seán Ó Rourke plé uirthi ar a chlár ar RTÉ, d’admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar gur thaitin sí leis, rinneadh méim di ar na meáin shóisialta. Cloisim daoine ag caint uirthi ar an tsráid nó i mbialann, tá cairde liom ag ceistiú an féidir léi an clár a bhuachan agus í singil, agus tá mo mháthair buartha go bhfaigheadh sí do gréine dona.

Tá ag eirí go hiontach le Maura mar tuigeann sí an clár, agus tuigeann sí na daoine eile. Deirtear go maith gur cheart do David Attenborough tráchtaireacht a dhéanamh ar Love Island — feictear daoine ag a mbunús.

 Níl siad faoi thionchar na meán, níl cairde acu ar an oileán le comhairle a chur orthu, agus tá siad faoi bhrú titim i ngrá. Sa chomhthéacs seo, is dóigh liom go ndéanann cuid acu dearmad go bhfuil ceamara dá leanacht, nó go bhfuil siad in iomaíocht lena chéile. Níl Maura ina measc, áfach — aithníonn sí go bhfuil sí ag imirt cluiche, agus imríonn sí go héifeachtach.

Tá an-chosúlacht idir Love Island agus cúrsa Gaeltachta, dar liom. Bíonn iontas ar go leor go dtiteann siad i ngrá chomh sciobtha sin, agus go mbíonn siad chomh gafa sin lena chéile — ní bhíonn aon iontas orm. Tagann samhradh sa nGaeltacht chun cuimhne dom, déagóirí i dtimpeallacht nua, gan an fón póca (den chuid is mó), agus iad ag caitheamh an lá ar fad lena chéile. 

Feictear grá, caoineadh, cairdeas, troid, tréigeadh, bréagadh, gríosadh, uaigneas, agus fáilte sa dhá áit — b’fheidir gur sin an fáth a dtéann sé go mór i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann.

Nuair a fheicim Maura, feicim cinnire tí éigin a thuigeann nach í is cumasaí sa Ghaeilge, nach í is dílse do rialacha an choláiste, ach atá diongbháilte duais an chúrsa a bhuachan. Go dtí seo, déarfainn go bhfuil seans mhaith aici…

SCÉALTA EILE