Tá dul amú ar na daoine a bhíonn ag gearán faoin iomarca Béarla ar TG4

 Is cuimhin liom an oíche a d’oscail TG4, nó TnaG mar a bhí air i 1996. Bhí tinte ealaíne acu agus bhí mé maraithe ag éad ag cuimhneamh ar mhuintir Bhaile na hAbhann cúpla míle soir an bóthar a bhí in ann iad a fheiceáil beo san aer, seachas ar aer ar an scáileán sa gcúinne ar an gCeathrúin Rua. 

Bhí mé ró-óg le tuiscint ag an am gur iontach an t-éacht a bhí déanta a leithéid de chainéal a bhunú. Ní bheadh smaoineamh ar bith faoin spéir go gcaithfí an t-airgead sin sa lá atá inniu ann. Bheadh an iomarca daoine ag sárú faoi ‘luach a gcuid airgid’ agus ag sárú faoi a bheith ag caitheamh cúpla pingin i dtreo na Gaeilge agus ospidéil lán, agus chuile fhadhb eile a chaithfí a leigheas sula ngabhfadh aon duine i ngleic leis na Gaeilgeoirí. 

Cothaíodh spás nua, fuinniúil do Ghaeilgeoirí óga agus den chéad uair ariamh bhí muid le feiceáil os comhair an tsaoil. Cruthaíodh áit iomlán nua eile do Ghaeilgeoirí a bhí agus atá fós ag sciolladh faoin gcaighdeán Gaeilge nó an t-easpa Gaeilge atá ar TG4. B’fhéidir go bhfuil pointe acu, ach ar an láimh eile, ní fhaigheann TG4 a ndóthain moladh as ucht níos mó a dhéanamh leis an arán agus an t-iasc ná mar a rinne Íosa Críost. 

Tá easpa tuisceana ann faoi chostas chláracha teilifíse, agus easpa maoinithe. Níl ag TG4 ach pota beag bídeach airgid i gcomparáid le cainéil eile. Níl acu ach oiread ach cúpla deis mhór le fógraíocht a dhíol, mar shampla ag leath ama i gcluichí peile. In ainneoin sin, tá seoda craolta acu. Is iomaí uair a shuigh mé síos ag breathnú ar chlár faisnéise, faoi dhraíocht ag an obair a rinneadh. Tá CU Burn fós ar cheann de na cláir grinn ab fhearr ar domhan. Bíonn ceol acu, agus cláir do ghasúir. Ní raibh agamsa agus mé i mo chailín beag ach Bouli.

Tá spóirt éagsúla ar an scáileán nach mbeadh le feiceáil ariamh dá mbeadh a mbealach faighte ag RTÉ. Ní raibh aon spéis acu sa tsraith-chomórtas ná i gcluichí craoibhe contae go dtí go bhfaca siad duine eicínt eile á dhéanamh. Samhlaigh céard a bheadh againn dá dtabharfaí aird ar na ceannasaithe a bhíonn ag iarraidh a gcás a dhéanamh faoin easpa infheistíochta sa stáisiún. 

Tá dul amú ar na daoine a bhíonn ag gearán faoin iomarca Béarla nó droch-Ghaeilge. Is fiú é a phlé cinnte, ach níl an moladh atá ag dul dóibh chomh glórach céanna. D’fhéadfaí deacrachtaí TG4 ar fad a leigheas le tuilleadh infheistíochta agus baill foirne. Ní mórán áit eile sna meáin a bheadh in ann é sin a rá. 

Tá cartlann againn anois lán le saibhreas an phobail agus teanga. Thug TG4 muinín dúinn agus deis a rá ‘nuair a bheidh mé mór beidh mé ar an teilifís.’ Ní mórán gasúr Gaeltachta a cheap é sin roimh 1996. Fós, sá lá atá inniu ann, sula dtéann mé ar aer, cuimhním ar an gcailín beag ag breathnú ar na tinte ealaíne. Nach í a dhéanfadh iontas!