‘Tabú’ le filleadh ar TG4

Beidh an dara séasúr den tsraith iomráiteach Tabú ar TG4 an mhí seo agus tús á chur ag an stáisiún Gaeilge le séasúr na hAthbhliana. Bhí an-tóir ar an gcéad séasúr de Tabú, a craoladh in 2018, clár inar pléadh ábhair thromchúiseacha agus chonspóideacha ar nós sexploitation, ola cannabais, náiriú idirlín agus eile. 

Cuirfear tús leis an gcéad séasúr eile de chláracha faisnéise an mhí seo, Dé Céadaoin ag 21.30 ar TG4. Beidh ceisteanna atá i mbéal an phobail in Éirinn agus ar fud an domhain á bplé ar le linn an tséasúir, agus tarraingeofar aird ar cheisteanna eile nach bhfuil chomh mór sin faoi thrácht faoi láthair. 

Ar na hábhair a bheidh faoi chaibidil ar Tabú i mbliana beidh ceist an tSoláthair Dhírigh, páistí a bhfuil galair thromchúiseacha orthu, ailléirge, saol an duine trasinscne in Éirinn, an Garda Cósta agus portaigh Bhord na Móna. 

Iascairí an oirdheiscirt ábhar an chéad chláir a chraolfar Dé Céadaoin seo chugainn, an 8 Eanáir. Lean foireann an chláir na hiascairí ar feadh ocht mí agus iad ag dul i ngleic le cúrsaí polaitíochta, beartais iascaireachta agus an aimsir féin. 

Tá cláracha eile fógartha ag TG4 don sceideal nua, sraith scannán ina measc. Beidh ‘Scannán an Luain’ á chraoladh ar feadh na míosa ag 21.30 oíche Dé Luain. Atonement, Criminal, Inside Llewyn Davis, agus American Made a bheidh ar ár scáileáin an mhí seo. 

Tá séasúr nua den chlár Sé Mo Loach le tosú ar an 12 Eanáir agus leithéidí Martin O’Connor, Seve Cooney, Paddy Glackin, Patsy Hanly, agus Pádraigín Ní Uallacháin a bheidh faoi agallamh as seo go ceann cúpla seachtain. 

Ar deireadh, beidh sraith nua Catch-22, atá bunaithe ar an leabhar cáiliúil le Jospeh Heller, á craoladh ar TG4 ón tseachtain seo chugainn amach. Rinneadh leagan scannáin den leabhar blianta ó shin, ach inseofar scéal Yossarian, ball d’Aerfhórsa na Stát Aontaithe le linn WWII, thar shraith cláracha sa leagan nua seo. 

SCÉALTA EILE