Tacsaí Tacsaí

An cuimhin libh Eochair an Ghrá agus Cupid ar Cuairt?

Bhuel, tá sraith úr chleamhnais beartaithe ag an chomhlacht léiriúcháin Abú Media, a léirigh cuid de na sraitheanna cleamhnais ba rathúla ar TG4, agus tá siad ag lorg rannpháirtithe le páirt a ghlacadh sa chlár píolótach!

Tacsaí Tacsaí is teideal don tsraith, a thabharfaidh daoine atá ar thóir an ghrá le chéile… sea, i dtacsaí!

“Is formáid iomlán nua é seo bunaithe ar scóráil sciobtha ach tarlaíonn sé mar aistear i dtacsaí,” arsa Eileen Seoighe, léiritheoir an chláir ó Abú Media.

“Téann duine amháin ar aistear i dtacsaí agus stopann sí nó sé ag trí stad éagsúla.”

Gach clár, casfar seachtar ar fad ar an té a bhfuil rogha an chleamhnais acu.

Ach, ceal spáis, ní bheith cead ach do thriúr acu taisteal sa tacsaí ag aon am amháin.

Gan mórán ama acu, beidh sé ina dhúshlán ag na daoine a shuíonn isteach sa tacsaí iad féin a chur in aithne do stócach nó spéirbhean na huaire.

“Sa deireadh caithfear duine amháin as an triúr a phiocadh agus is iadsan a rachaidh amach le haghaidh béile.”

Beidh “cinntí sciobtha” le déanamh agus “brú” ann, dar le hEileen, ach “neart craice agus ábhar siamsa” don lucht féachana sa bhaile.

Ordóg san aer don tsraith úr seo!


Má tá tú idir 25 -35 bliain d’aois, agus spéis agat a bheith páirteach ann, níl le déanamh ach físeán 30 soicind, mar aon le d’ainm, aois, agus an chúis ar mhaith leat a bheith páirteach sa tsraith a sheoladh go info@abumedia.com roimh an 12 Aibreán. Beidh an clár á thaifeadadh ar thar trí lá ón 29 Aibreán i nGaillimh.

SCÉALTA EILE