Taispeánann sraith spleodrach spéisiúil ar TG4 gur teanga atá sa cheol nach n-aithníonn aon teorainn…
An bhfuil suim agat cuairt a thabhairt ar Mharacó agus ar an Mhongóil, nó aithne níos fearr a chur ar mhuintir cheolmhar Iamáice?
Seans gurbh fhearr leat luí siar agus sult a bhaint as píobaí Meánmhara na Sairdíne nó amhránaíocht álainn na Portaingéile?
Bhuel beidh deis agat sin ar fad agus tuilleadh a dhéanamh mar chuid de shraith nua den chlár Ceolchuairt, atá le tosnú san oíche amárach ar TG4.
Bíonn dáimh ar leith ag cuid mhór Gael le cultúir dhúchais in áiteanna eile ar domhan agus sa tsraith seo téann an lucht féachana ar aistear draíochta le ceoltóir traidisiúnta Gaelach agus iad ag tabhairt cuairte ar chultúr eachtrannach ceoil a bhí mar spreagadh acu.
Jeamáil, buscáil, comhráite le caomhnóirí traidisiúin agus seisiúin le laochra áitiúla, glactar ceol éagsúil domhanda agus buailtear é go spraíúil, measúil, gleoite le buillí s’againn féin.
“Is malartú ceoil agus cultúir atá i gCeolchuairt nach bhfeiceann tú go ró-mhinic ar an scáileán,” arsa stiúrthóir na sraithe, Paddy Hayes ó Magamedia.
“Sa tsraith seo caitheann muid na ceoltóirí le chéile gan mórán ullmhúcháin – casann muid na ceamaraí orthu – agus níos minice ná a mhalairt, tagann draíocht astu.”
Ón spléachadh atá faighte againn anseo in oifigí NÓS, tagann muid go hiomlán le cur síos Paddy ar thoradh na dturas ceoil seo – sé cinn san iomlán – agus dealraíonn sé go bhfuil seoid de shraith amach romhainn.
In eagrán uimhir a haon, téann Fiachna Ó Braonáin i mbun tóraíochta i Maracó ag cuardach fréamhacha na ngormacha.
I Sliabhraon Rif a lorgaíonn sé sean-naisc le hamhránaíocht ar an sean-nós agus a chasann sé leis na ‘Master Musicians of Joujouka’ ar oíche lán gealaí.
“Deis den scoth a bhí ann tumadh isteach i gcultúr Mharacó agus dul a shnámh ann,” arsa Fiachna, giotáraí agus amhránaí leis na Hothouse Flowers.
“Bhí an oilithreacht seo lán de dhathanna agus fuaimeanna, rithimí agus foinn nár bhlas mé ariamh cheanna – rithimí atá anois mar chuid díom.”
Beidh cuid den atmaisféar céanna le blaiseadh sa dara clár ina n-éiríonn leis an fhile Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn mian bheatha a chomhlíonadh nuair a théann sé sa tóir ar fhréamhacha an reigé in Iamáice.
Ball bunaidh den aon ghrúpa reigé Gaeilge ar domhan, Bréag, é Gearóid agus is speisialta ar fad an ceangal a chruthaíonn sé le ceoltóirí an oileáin Chairibigh agus é sa tóir ar an ‘One Love’ a thrasnaigh an deighilt sheicteach nuair a bhí sé féin ag cur aithne ar an cheol i mBéal Feirste a óige.
Clár amháin nár chóir a chailleadh i sraith chumhachtach cheoil.
Tosaíonn Ceolchuairt ar TG4 ar 9.30in amárach, Dé Máirt 13 Eanáir.
13 Eanáir – Fiachna Ó Braonáin agus gormacha Mharacó
20 Eanáir – Gearóid Mac Lochlainn le lucht croíúil reigé Iamáice.
27 Eanáir – Róisín Elsafty agus stíl amhránaíochta ‘Fado’ na Portaingéile.
3 Feabhra – Daire Bracken sa Mhongóil leis an fhidil is iontaí ar domhan.
10 Feabhra – Mick O’Brien agus na píobaí dúchasacha na Sairdíne.
17 Feabhra – Máire Áine Ní Iarnáin i mbaile an Tango, An Airgintín.