Teachtaireacht ó chailíní WAC!

An cuimhin libh Caoimhe agus Éadaoin ó Tusa Tube?

Beidh na mná óga beoga seo ag cur tús lena saol teilifíse amárach nuair a chraolfar an chéad chlár den tsraith úrnua WAC ar TG4.

Is craobhchomórtas le haghaidh ainmhithe é an clár seo atá atá bunaithe ar shraith iomráiteach Astrálach ina dtéann ainmhithe éagsúla in iomaíocht lena chéile.

Tá an dís breá gnóthach agus iad i mbun ullmhúcháin don tsraith faoi láthair ach ghlac siad am amach óna sceideal broidiúil chun físeán beag a dhéanamh dúinn agus daoibh!

Reáchtáil muid comórtas ag deireadh na seachtaine seo caite ina raibh cóipeanna d’albam nua Jason O’Rourke le buachan agus, mar atá le feiceáil thuas, tá an bheirt bhuaiteoirí roghnaithe ag cailíní WAC.

Comhghairdeas mór le Cathy Potter agus Jack Ó Drisceoil agus míle buíochas le Caoimhe agus Éadaoin 🙂


Ná caill an chéad chlár de WAC, a bheas ar siúl amárach (Dé Máirt), ag 5.20in ar TG4… beidh craic ann!

SCÉALTA EILE