‘Teip shochaíoch’ na n-áras máithreacha agus leanaí le plé ar an gcéad eagrán de ‘An Focal Scoir’

Cuirfear tús leis an séasúr nua den chlár iomráiteach cúrsaí reatha An Focal Scoir ar BBC 2 NI anocht le plé ar scannal na n-áras máithreacha agus leanaí. Díreofar ar chlár na hoíche anocht, an chéad chlár den séasúr nua, ar oidhreacht na drochíde d’fhulaing máithreacha sna hÁrais Máithreacha agus Leanaí in Éirinn, thuaidh agus theas.

Ar chlár na hoíche anocht craolfar mír réamhthaifeadta le duine a tháinig slán as na hárais, Marie Arbuckle, bean ar tógadh a leanbh uaithi gan a cead i gceann de na hinstitiúidí. Pléifidh painéal an stiúideo an ‘teip shochaíoch’ in Éirinn i leith na mban agus na leanaí seo.

I measc na n-ábhar eile a chíorfar ar An Focal Scoir an séasúr seo, beidh an Teist Aistrithe, tionchairí na meán sóisialta, agus an mhí-úsáid pornagrafaíochta collaí.

Ar na haíonna a bheidh ag plé na gceisteanna sin ar an gclár as seo go ceann ceithre seachtaine beidh na hiriseoirí agus na tráchtairí sóisialta iriseoirí agus tráchtairí sóisialta Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Eimear McGovern, Dónall Mac Ruairí, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Lisa Nic an Bhreithimh, Póilín Ní Chiaráin agus Gearóid Ó Muilleoir.  

“Tá muid iontach sásta a bheith ábalta an tsraith stiúideo seo a dhéanamh ar cheisteanna reatha atá ríthábhabhtach dúinn uilig.  Is sraith mhealltach í a bhfuil ard-luachanna léirithe ag baint léi agus a gcuirfidh daoine as gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra spéis inti,” a dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir na sraithe

SCÉALTA EILE