Tigh Hiúdaí Beag agus an Bun Beag faoi chaibidil ar ‘Bailte’ TG4 anocht

Ó thuaidh a bheidh láithreoir na sraithe Gaeltachta Bailte, Síle Nic Chonaonaigh, anocht agus cuairt á tabhairt aici ar an mBun Beag i nGaeltacht Thír Chonaill. Is leis an gcraoltóir aitheanta Áine Ní Bhreisleáin, agus lena hathair, an staraí Vincent Ó Breisleáin, a chasfaidh Síle agus í ag cur aithne agus eolas ar an áit agus na daoine a chónaíonn ann. 

Bánú na Gaeltachta, ganntanas seirbhísí, agus easpa deiseanna do dhaoine óga is mó a dhéanann imní d’Áine, agus labhróidh sí faoin nglúin óg atá ag iarraidh filleadh ar an mbaile ach a bhfuil a ndóchas caillte acu faoina bhfuil i ndán don áit. 

Síle Nic Chonaonaigh agus Áine Ní Bhreisleáin

Dúnadh cúig óstán agus dhá chlub mhóra oíche i nGaoth Dobhair ó thit an tóin as an ngeilleagar in 2008, ach tá bialanna, tithe tábhairne, agus áiseanna eile fós ann. Labhróidh Áine freisin faoi na buntáistí, mar a fheictear dise, a bhaineann le bheith i do chónaí sa bhaile beag “idir sliabh agus muir”, baile a bhfuil cónaí air leis na céadta blianta. 

Cuirfidh Vincent Ó Breisleáin, athair Áine agus staraí as an áit, síos ar ghnéithe stairiúla den bhaile ar nós an Tiarna Talún George Hill, a tháinig chuig an gceantar in 1834, agus a bhí ina chónaí san áit le linn an Ghorta Mhóir. 

Ar na haíonna eile a bheidh ar chlár na hoíche anocht, beidh Alan Ó Baoid, duine de shliocht na n-oibrithe a thug George Hill as Albain chuig an mBun Beag. Protastúnach a bhí sa tiarna talún, agus ba Phrotastúnaigh na daoine a chuir sé ag obair ar an eastát. Labhróidh Alan faoin gcaidreamh a bhí ag an dá phobal, Gaelach agus Gallda, lena chéile agus faoin bpobal atá anois ann. 

Casfaidh Síle freisin le Hugh Hiúdai Beag, fear an tí i dTeach Hiúdaí Beag, an pub cáiliúil Gaeltachta, agus le Sarah Ní Ghallchóir atá i mbun an chaifé Café Kitty ó tháinig sí abhaile ó Shasana. 

Beidh Bailte ar TG4 anocht ag 20.00.

SCÉALTA EILE