Tá pobal na Gaeilge ag déanamh ceiliúrtha inniu ar 20 bliain ó bunaíodh ár stáisiún teilifíse féin, ach seans go mbeidh todhchaí na teilifíse ar fad an-éagsúil ón chur chuige a bhfuil muid cleachtha leis faoi láthair.
Ag caint dó ag ócáid a d’eagraigh an Wall Street Journal an tseachtain seo caite, dúirt ceannaire Netflix, Reed Hastings, go mb’fhéidir go mbeadh ról ag drugaí siabhraigine (hallucinogenic drugs) sa tsiamsaíocht amach anseo.
Is fada an lámh in uachtar ag an scáileán ach síleann Hastings nach bhfuil an teilifís reatha, ná an phictúrlann, iomlán buan agus gur féidir go bhforbrófar drugaí sa todhchaí a chuirfidh ar chumas an úsáideora cláracha teilifíse a fheiceáil i bhfoirm siabhráin (hallucination).
“I gceann 20 nó 50 bliain, is féidir go mbeifear in ann piolla gorm a thógáil chun siabhrán siamsúil a chur ort féin, agus ansin piolla bán a thógáil chun teacht ar ais,” arsa Hastings.
“Má tá bunús cógaseolaíochta le bheith ag earnáil na siamsaíochta, beidh ar sheirbhísí ar nós Netflix athrú go suntasach nó beidh muid i dtrioblóid cheart.”
Ní fios go baileach cé chomh cruinn is atá tuar Hastings ach bí cinnte de, má tá duine de cheannairí siamsa an domhain ag caint faoi tá seans maith ann go bhfuil eolas aige nach bhfuil againn féin go fóill.
Mharaigh an físeán an réalta raidió, a deirtear, an bhfuil seans ann anois go maróidh drugaí an scáileán féin?