Dé Céadaoin 20 Samhain
Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige — 21:30 ar TG4
Is pobal Gaeltachta é pobal Thoraí, a bhfuil cúpla céad duine ann, ar an oileán is iargúlta in Éirinn. Leanann an clár faisnéise seo muintir an oileáin agus iad ag plé athnuachan chonradh bhád farantóireachta Thoraí, a bpríomhnasc leis an tír mhór, thar naoi míle den Atlantach fhiáin. Nuair a fógraíodh an conradh úr, ba bhád i bhfad níos sine ná an bád atá ann faoi láthair atá i gceist, agus tá cuid de na hoileánaigh buartha go bhfuil a sábháilteacht i mbaol.
Déardaoin 21 Samhain
Fire in Paradise — Netflix
Ar an 8 Samhain 2018, thosaigh tine in California in aice le baile Paradise. Faoi cheann cúpla uair an chloig, scaipeadh an tine bheag ina loscadh fiáin ba mharthanaí sa tír le breis agus céad bliain. Idir phíosaí scannáin den tubaiste ó dhaoine a bhí a dtithe agus a saoil i mbaol agus agallaimh le marthanóirí agus lucht na seirbhíse éigeandála, athinsíonn Fire in Paradise na scéalta tragóideacha ón lá sin.
Dé hAoine 22 Samhain
Going Clear — 21:00 ar Sky Atlantic
Déanann an scannánóir Alex Gibney agallaimh le hiarbhaill Eaglais na hEoleolaíochta agus nochtann sé mí-úsáidí agus cleachtais aisteacha taobh istigh den eagraíocht chonspóideach seo. Fiosraítear sa scannán éilimh an tséipéil fríd stair na hEoleolaíochta agus a bhunaitheoir, L. Ron Hubbard. Déantar iniúchadh ar an bhaint atá ag daoine cáiliúla leis an eaglais agus insíonn roinnt iarbhall scéalta faoin mhí-úsáid a d’fhulaing siad. Cháin Eaglais na hEoleolaíochta an scannán ar fad, ag gearán le léirmheastóirí scannáin faoina hailt agus ag cur éitheach i leith na ndéantóirí scannán agus a n-agallaithe.
Dé Sathairn 23 Samhain
The Blind Side — 21:00 ar RTÉ 2
Bunaithe ar fhíorscéal Leigh Anne Tuohy agus Sean Tuohy a ghlacann le déagóir gan dídean, Michael Oher. Níl aon athair ag Michael agus is andúilí drugaí í a mháthair. Is beag oideachais fhoirmiúil atá ag Michael agus is beag scileanna saoil atá aige ach oiread. Cuidíonn Leigh Anne leis, ag cinntiú go mbíonn an deis ag an fhear óg saol maith a bheith aige. Nuair a léiríonn sé spéis sa pheil Mheiriceánach, cuidíonn sí go mór leis a thallann a chothú. Ní hamháin go dtugann siad teach grámhar dó, ach faigheann siad teagascóir dó chun cabhrú leis a mharcanna scoile a fheabhsú go gcáileodh sé do scoláireacht lúthchleasa de chuid an NCAA. Roghnaíodh Michael Oher sa chéad bhabhta dona Baltimore Ravens i ndréacht NFL 2009.
Dé Domhnaigh 24 Samhain
Junior Eurovision — 19:00 ar TG4
I ndiaidh míonna d’éisteachtaí náisiúnta agus sé seachtaine de bhabhtaí teilifíse, tá sé in am do Anna Kearney as Carraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Phólainn in Eoraifís na nÓg. Tá 18 tír páirteach sa chomórtas ach tá súil againn go mbeidh an bua ag Anna lena hamhrán Gaeilge ‘Banshee’.