Beidh an t-iarThaoiseach Enda Kenny ag tabhairt cuairte ar iarnróid na hÉireann agus é in láithreoir ar an gclár Ireland’s Lost Railways, clár a fuair maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge inniu. Is é an comhlacht léiriúcháin Sonas Productions a bheidh ag léiriú an chláir le hairgead ó Scáileán Thuaisceart Éireann.Â
FógraÃodh inniu gur ceadaÃodh maoiniú ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge do 16 togra — clár an iarThaoisigh faoi iarnróid na hÉireann ina measc.
Ar na cláracha eile a dhéanfar leis an airgead ó chiste na Gaeilge beidh Swap Shop, clár faisin a chuirfidh an craoltóir Caoimhe Nà Chathail i láthair agus ina n-iniúchfar nósanna siopadóireachta na nÉireannach.
Tá maoiniú cinntithe do Meon Eile fosta, an t-ardán fÃseán agus alt ar lÃne atá dÃrithe ar mhuintir na Sé Chontae. Bronnadh deontas ar an gcomhlacht atá taobh thiar de Meon Eile, Below The Radar do chomhléiriúchán idirnáisiúnta le Cwmni Da sa mBreatain Bheag, Mac TV in Albain agus JTV na Cóiré — Báisteach (Rain Stories) is teideal don chomhthogra seo ina n-iniúchfar tionchar na báistà ar shaol na ndaoine in Éirinn agus thar lear.
CeadaÃodh maoiniú arÃs eile do roinnt sraitheanna fadbhunaithe, I Lár an Aonaigh a bheidh ar an BBC den naoú séasúr agus Beidh Aonach Amárach a bheidh ag filleadh dá thrÃú séasúr. Clár irise atá in I Lár an Aonaigh agus breathnaÃtear ar aontaà agus margaà na tuaithe in Beidh Aonach Amárach.
Is à an t-iománaà aitheanta as Doire, Aoife Nà Chaiside, a bheidh ina láithreoir ar Fiabhras na Fuinseoige, clár ina mbreathnófar ar an mborradh atá faoin gcamógaÃocht.
Ar cláracha eile a dhéanfar leis an maoiniú nuafhógraithe ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, beidh Pet Nation, Daisy & Ollie, Ar Scáth a Chéile, agus Sruth.